Tá na Seirbhísí Slándála lonnaithe ag Uimh. 14 Bóthar na Drioglainne (150 méadar ó Bhanc an AIB, an Caisleán Nua) i lár an champais. Tá an t-ionad rialaithe oscailte 24/7 agus tá lucht slándála ar patról lá agus oíche. 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Slándála ar rphost ag security@nuigalway.ie ach mholfaimis i gcónaí do dhaoine glaoch a chur orainn ar 091 493333 (Folíne 3333) i gcásanna éigeandála.

I gcás éigeandála - Otharcharr/Dóiteán/Gardaí: glaoigh ar 999/112


Is féidir leis an bhfoireann Slándála cabhrú leat le rialú rochtana, slándáil rothair, láithreacha foirgneamh, tuairisciú fadhbanna, slándáil phearsanta, bainistíocht tráchta agus dáileadh eochracha (más mian leat iarratas a dhéanamh ar eochracha déan teagmháil le do Theagmhálaí Foirgneamh & Eastát chun iarratas ar Pemac a logáil nó chun fiosrú a dhéanamh faoi iarratas a cuireadh isteach cheana.)

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mór gach iarratas rialaithe rochtana a cheadú ar dtús de réir phrótacal Covid-19 na hOllscoile maidir le Rochtain Sainchuspóra ar Fhoirgnimh/Áiseanna an Champais. Ní thabharfaidh an Oifig Slándála pribhléidí ar chárta rochtana gan an cead seo.