Ráiteas Inrochtaineachta Ollscoil na Gaillimhe

Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, agus aithníonn sí a thábhachtaí atá sé caighdeáin inrochtaineachta a chomhlíonadh. Aithnímid freisin an dúshlán agus na buntáistí a bhaineann le láithreán gréasáin a chruthú a dhíríonn ní hamháin ar chomhlíonadh caighdeán, ach ar eispéireas ar líne den scoth a sholáthar don líon is mó daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine scothaosta agus úsáideoirí faoi mhíchumas.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le láithreán gréasáin agus aip mhóibíleach Ollscoil na Gaillimhe agus a mhéid agus is féidir, tá sé mar aidhm againn go mbeidh an láithreán gréasáin:

  • inrochtana go teicniúil, sa mhéid is go mbeidh gach úsáideoir in ann rochtain a fháil ar gach faisnéis agus feidhmiúlacht;
  • inúsáidte ar bhonn cothrom, sa mhéid is nach mbeidh sé ródheacair d’úsáideoirí faoi mhíchumas gnáth-thascanna a dhéanamh, nó nach dtógfaidh sé an-iomarca ama orthu;
  • indéanta ag úsáideoirí aonair an láithreán a oiriúnú nó a chumrú chun freastal ar a riachtanais féin agus ar a roghanna faoi leith;
  • comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta cuí a bhíonn á n-úsáid ag úsáideoirí agus a bhfuil fáil orthu go forleathan.

Comhlíonadh le Caighdeáin

Dearadh gach leathanach, mar bhunchaighdeán, chun Critéir Ratha Treoirlínte Inrochtaineachta d’Ábhar Gréasáin 2.0, Leibhéal A & Leibhéal AA a chomhlíonadh, arb í an sprioc-rátáil ar cheart do chomhlachtaí san earnáil phoiblí a bhaint amach. Tá sé mar aidhm againn freisin a oiread critéar ratha ó leibhéal AAA a bhaint amach agus atá praiticiúil agus an láithreán gréasáin seo á dhearadh agus á chur i bhfeidhm againn.

Tá marcáil shéimeantach struchtúrtha in úsáid ar an láithreán gréasáin. Úsáidtear clibeanna h1 do phríomhtheidil, agus clibeanna h2, h3, h4, h5, h6 le haghaidh fotheideal.

Úsáideann an láithreán gréasáin Stílbhileoga Cascáideacha (CSS) le haghaidh leagan amach. Cinntítear leis sin go ndéanfar an t-ábhar a líneachú go foirfe agus cuireann feabhas ar fheidhmíocht ar raon leathan brabhsálaithe agus gníomhairí eile úsáideora.

Rinneadh iniúchadh inrochtaineachta ar na teimpléid a úsáideadh chun an láithreán a thógáil. Bailíochtaíodh iad seo go leibhéal ard comhlíonta. Déantar seiceálacha uathoibrithe gach seachtain chun aon fhadhb inrochtaineachta a d’fhéadfadh a bheith tugtha isteach trí ghnáth-athruithe laethúla a aithint, agus táthar ag obair ar réiteach dá leithéid d’fhadhbanna dá leithéid. Níl gach leathanach ar an láithreán seo go hiomlán comhlíontach leis na treoirlínte thuasluaite mar gheall ar na fadhbanna inrochtaineachta sin atá gan réiteach i gcónaí.

Inrochtaineacht a chothabháil

Tá treoirlínte inmheánacha curtha i dtoll a chéile ag Ollscoil na Gaillimhe chun riarthóirí agus údair ghréasáin a threorú agus ábhair ghréasáin inrochtana á gcruthú acu, féachaint le láithreán gréasáin inrochtana a chur ar fáil agus a choinneáil.  Cuimsítear leis na treoirlínte seo saincheisteanna cosúil le

  • Ábhar gréasáin atá éasca le húsáid a chruthú
  • Téacs malartach soiléir a scríobh
  • Táblaí inrochtana a chruthú
  • Frásaí naisc inrochtana a chruthú
  • Cuirtear oiliúint ar údair ábhair chun feasacht maidir le saincheisteanna inrochtaineachta a ardú.

Ábhar neamh-inrochtana

Tá obair leanúnach ar siúl againn chun inrochtaineacht ar an láithreán a fheabhsú. Seo a leanas liosta réimsí ina bhféadfadh fadhb a bheith ann:

  • Níl téacs malartach cuí ag gach íomhá
  • Níl gach cáipéis inrochtana go hiomlán, go háirithe comhaid pdf
  • Níl fotheidil/trascríbhinní ar fáil do gach ábhar físeáin
  • Níl ceanntásca sainaitheanta ag gach tábla chun inrochtaineacht a fheabhsú

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo go deireanach an 26 Bealtaine 2023. Tá roinnt seiceálaithe in úsáid againn agus monatóireacht á déanamh againn ar inrochtaineacht an láithreáin seo, lena n-áirítear SilkTide (déanann iniúchadh ar leathanaigh ghréasáin shamplacha go míosúil) agus Axe Monitor de chuid an NDA, a dhéanann iniúchadh seachtainiúil ar fho-thacar randamach leathanach gréasáin.

Saincheisteanna inrochtaineachta a thuairisciú, aiseolas agus faisnéis teagmhála

Táimid ag obair go dian lena chinntiú go gcomhlíonann ár láithreán gréasáin na treoirlínte thuasluaite go hiomlán. Tuigimid go bhféadfadh fadhbanna teacht chun cinn agus más mian le haon úsáideoir aiseolas a sholáthar ar aon cheann dár leathanaigh ghréasáin is féidir leo teagmháil a dhéanamh linn agus déanfaimid iarracht aon fhadhb a shainaithnítear a réiteach chomh tapa agus is féidir.  Is féidir teagmháil a dhéanamh go díreach leis an bhFoireann Gréasáin ag webteam@universityofgalway.ie.  

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra agus más mian leat gearán a dhéanamh, déan teagmháil le do thoil leis an gComhordaitheoir Cumarsáidí Inrochtana, sonraigh go mbaineann an cheist le hInrochtaineacht ar an nGréasán agus tabhair seoladh na leathanach gréasáin atá i gceist. Beidh do shonraí teagmhála iomlána de dhíth orainn le gur féidir linn cumarsáid a dhéanamh leat agus a dheimhniú go bhfuarthas do ghearán. A luaithe is a fhaighimid gearán, déanfaimid imscrúdú ar an gceist agus freagróimid an gearánach dá réir.