Séanadh do láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe

Tá an Fhaisnéis atá sna leathanaigh Ghréasáin seo, chomh fada agus is eol dúinn, fíor agus cruinn tráth a foilsithe, agus is chun críche faisnéise amháin í. Ní ghlacann Ollscoil na Gaillimhe le dliteanas ar bith as aon chaillteanas ná damáiste ar bith, cibé cúis a d'fhéadfadh a bheith aige, mar thoradh ar úsáid na faisnéise seo nó a bheith ag brath ar an bhfaisnéis seo, bíodh an úsáid sin údaraithe nó ná bíodh.

Séanadh sonrach do leathanaigh ghréasáin cúrsaí

Is é réamheolaire ar líne cúrsaí Ollscoil na Gaillimhe atá sa chuid den láithreán gréasáin seo dar teideal Cúrsaí. Tá an Fhaisnéis atá sa réamheolaire ar líne cúrsaí seo, chomh fada agus is eol dúinn, fíor agus cruinn tráth a foilsithe; tabhair faoi deara go bhféadfaí é a nuashonrú le leasuithe ó am go chéile. Is chun críocha faisnéise amháin ábhar an réamheolaire agus níor cheart caitheamh leis mar bhonn conartha idir mic léinn agus an Ollscoil. Coimeádann Ollscoil na Gaillimhe an ceart cláir nó rialacháin a leasú tráth ar bith gan fógra a thabhairt; d'fhéadfaimis cláir a dúnadh cheana féin a athoscailt chun glacadh le hiarratais sa chás nach bhfuil cuótaí cláir líonta. Coimeádann Ollscoil na Gaillimhe an ceart chomh maith cláir a tharraingt siar ó am go chéile ar chúis ar bith (e.g. gan dóthain daoine a bheith cláraithe orthu).