-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Conas teacht orainn
Lonnaithe i lár chathair bhríomhar na Gaillimhe, is furasta teacht ar an ollscoil sa charr agus ar iompar poiblí, agus tá áiseanna maithe iompair idir an ollscoil agus trí aerfort idirnáisiúnta.
Taisteal sa Charr
Aneas
- Ó Chorcaigh nó Luimneach, tóg an M18 i dtreo na Gaillimhe. Rachaidh tú timpeall ar Inis agus an Gort, agus buailfidh tú leis an M6, an mótarbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, ar an taobh thoir den chathair.
- Ag an acomhal leis an M6, lean na comharthaí i dtreo chathair na Gaillimhe. Beidh timpeallán ag deireadh an M6, díreach lasmuigh de chathair na Gaillimhe. Glac an dara slí amach as an timpeallán seo.
- Uaidh seo, lean na comharthaí don Chlochán. Tógfaidh an bealach seo ar roinnt débhealaí timpeall na cathrach thú.
- Trasnaigh Droichead na gCúig Céad (droichead fada débhealaigh thar Abhainn na Gaillimhe) agus cas ar chlé ag na soilse tráchta i dtreo Bhóthar na Trá Íochtarach. Coinnigh súil amach ar na comharthaí do shiombail ollscoile.
- Lean ar aghaidh go dtí na chéad soilse tráchta eile agus beidh an bealach isteach go dtí an Ollscoil ó Bhóthar an Chaisleáin Nua ar chlé.
Anoir
- Ó Bhaile Átha Cliath lean an M4 (comharthaí do Shligeach). Ag acomhal 11, lean an M6 i dtreo na Gaillimhe agus na comharthaí do Ghaillimh.
- Téigh chomh fada leis an timpeallán ag deireadh an M6. Glac an dara slí amach as an timpeallán seo.
- Uaidh seo, lean na comharthaí don Chlochán. Tógfaidh an bealach seo ar roinnt débhealaí timpeall na cathrach thú.
- Trasnaigh Droichead na gCúig Céad (droichead fada débhealaigh thar Abhainn na Gaillimhe) agus cas ar chlé ag na soilse tráchta i dtreo Bhóthar na Trá Íochtarach. Coinnigh súil amach ar na comharthaí do shiombail ollscoile.
- Lean ar aghaidh go dtí na chéad soilse tráchta eile agus beidh an bealach isteach go dtí an Ollscoil ó Bhóthar an Chaisleáin Nua ar chlé.
- Ó Bhéal Feirste tóg an A1/M1 i dtreo Bhaile Átha Cliath. Lean an M50 go dtí an acomhal leis an M4 go Sligeach (Gaillimh), agus tóg an bóthar sin. Lean na treoracha thuas don turas ó Bhaile Átha Cliath.
Taisteal ar Iompar Poiblí
Is furasta teacht go Gaillimh ar iompar poiblí.
- Traenacha: Tá stáisiún traenach na Gaillimhe suite in aice leis an bhFaiche Mhór. Tá seirbhís mhaith traenach go dtí an chathair, agus níl sí ach 2.5 uair ar shiúl ó Bhaile Átha Cliath. Faigh tuilleadh eolais anseo maidir le seirbhísí agus amchláir.
- Busanna: Is féidir teacht go Gaillimh ar cheann de na busanna rialta de chuid na seirbhíse poiblí bus againn, nó is féidir seirbhís phríobháideach bus, ar nós CityLink nó GoBus, a úsáid. Tógann busanna díreacha (gan stad) 2.5 uair le teacht ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh.
- Iompar Poiblí na Gaillimhe: Ó lár na cathrach, is féidir tacsaí a thógáil go dtí an Ollscoil. Rogha eile is ea Bus Uimh. 4 i dtreo an Chaisleáin Nua a théann ón bhFaiche Mhór, gnáthionad fágála na mbusanna atá gar don stáisiún traenach.
Aerthaisteal
Tá sé éasca taisteal go dtí an Ollscoil ó Aerfort na Sionainne, Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.
- Luíonn Aerfort na Sionainne agus Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire uair an chloig tiomána ó Ghaillimh. Is féidir Bus Éireann nó CityLink a úsáid chun taisteal go Gaillimh ar bhus. Cé is moite de sin, tá sé éasca carr a fháil ar cíos ag gach ceann de na haerfoirt seo.
- Turas 2 uair 15 nóiméad tiomána atá Aerfort Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ó chathair na Gaillimhe. Is féidir carr a fháil ar cíos agus ár bpleanálaí turas a úsáid chun cuidiú leat do shlí a dhéanamh go Gaillimh. Tá rogha seirbhísí rialta bus, ar féidir brath orthu, ann chun taisteal go Gaillimh chomh maith. Ina measc tá: Bus Éireann, CityLink agus GoBus.