-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cé muid féin
Fáilte chuig an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh
Agus breis is 50 bliain caite ag cur deiseanna oideachais ar fáil d’fhoghlaimeoirí lánfhásta agus deiseanna chun scileanna nua a shealbhú, cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha agus solúbtha ar fáil i raon leathan ábhar lena n-áirítear na Dána, na Daonnachtaí & na hEolaíochtaí Sóisialta, Gnó/Bainistíocht, Eolaíocht & Teicneolaíocht, Teicneolaíocht Faisnéise, Oiliúint & Oideachas agus Oideachas Pobail.
Cuirimid fáilte roimh os cionn 1,800 foghlaimeoir páirtaimseartha chuig an Ionad gach bliain. Soláthraímid modúil astu féin ar mhaithe leis an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD), cúrsaí micridhintiúr, eispéiris foghlama ghearra chreidiúnaithe le haghaidh breisoiliúna nó athoiliúna agus cúrsaí a mbaineann Teastas, Dioplóma, Céim agus Máistreacht leo. Mar sin, más mian leat tabhairt faoi chúrsa ar bhonn pearsanta nó chun breisoiliúint a chur ort féin nó má theastaíonn uait scileanna nua a shealbhú ar mhaithe le fostaíocht, tá tú san áit cheart!
Is iomaí bealach éagsúil atá tú in ann tabhairt faoi chúrsa a thugann deis duit staidéar a dhéanamh ar do luas féin ag brath ar do shaol oibre agus pearsanta.
Seo a leanas na roghanna solúbtha atá againn:
- Bunaithe sa seomra ranga: léachtaí nó ceardlanna ar an gcampas
- Foghlaim ar líne: go hiomlán ar líne
- Foghlaim Chumaisc: meascán d'fhoghlaim sa seomra ranga agus staidéar ar líne/sa bhaile
- Foghlaim ar bhonn modúil: staidéar a dhéanamh ar do chúrsa thar thréimhse ama, modúl amháin nó péire ag an am
- Creidiúint don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD): ag tabhairt faoi mhodúil astu féin chun do chuid scileanna gairmiúla a fheabhsú
- Cúrsaí Micridhintiúr: Eispéiris foghlama ghearra chreidiúnaithe le haghaidh breisoiliúna nó athoiliúna
Is teagascóirí a bhfuil a lán taithí oideachais acu iad na teagascóirí a bhfuil spéis ar leith acu a bheith ag obair le foghlaimeoirí lánfhásta. Beidh deis agat leas a bhaint as na seirbhísí tacaíochta chun cur le do thaithí foghlama.
Déanfaidh foireann chabhrach an Ionaid tú a stiúradh le linn do chuid staidéir agus tá siad ar fáil chun aon cheisteanna a bheadh agat a fhreagairt.
Tá liosta iomlán na gcúrsaí le fáil anseo: Aimsigh Cúrsa