-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Alumni agus Cairde
Do chéad fáilte go dtí an Oifig Alumni in Ollscoil na Gaillimhe.
Is ionann Alumni OÉ Gaillimh agus céimithe nó iarmhic léinn OÉ Gaillimh nó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Oibríonn Catherine Conroy agus Aisling Nolan san Oifig Alumni chun alumni OÉ Gaillimh a choinneáil i dteagmháil lena nOllscoil; déantar é sin trí chumarsáid rialta, na meáin shóisialta, naisc alumni, ócáidí alumni agus ócáidí teacht le chéile ranga.
Tá comhluadar Ollscoil na Gaillimhe i bhfad níos fairsinge ná campas na hOllscoile, arae tá naisc idirnáisiúnta déanta againn tríd an 128,000 alumnus dár gcuid atá thart timpeall na cruinne.
Ár gcuid Alumni
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid OÉ Gaillimh ann ar fud an domhain. Tá an-áthas orainn ‘Líonra Domhanda Alumni OÉ Gaillimh’ a sheoladh anseo inniu. Is bealach nua agus spreagúil é an líonra do chéimithe chun ceangal a dhéanamh le líonra domhanda OÉ Gaillimh agus lena chéile.
Bhí a fhios againn i gcónaí go raibh ag éirí thar barr le céimithe de chuid OÉ Gaillimh i róil agus in ionaid éagsúla ar fud an domhain. Is bealach an-fhísiúil é an láithreán gréasáin nuigalway.ie/network le léargas a thabhairt ar cá bhfuil daoine lonnaithe agus céard atá ar siúl acu!
Agallaimh le Alumni – an todhchaí á múnlú ag ár gcéimithe. Chuaigh an Oifig Alumni in OÉ Gaillimh chun cainte le cuid dár gcéimithe thart timpeall na cruinne!