-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
SCOIL NA TÍREOLAÍOCHTA, NA SEANDÁLAÍOCHTA AGUS AN LÉINN ÉIREANNAIGH
Cuireann Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus An Léinn Éireannaigh cláir Dhioplóma, BA, MA, MSc, MLitt agus PhD ar fáil; tá foghlaim ó thaithí agus foghlaim allamuigh mar chroílár na gclár uile. Déantar leibhéal ard taighde sa Scoil agus tá an fhoireann thar a bheith díograiseach agus éiteas mac léinn-lárnach i bhfeidhm acu.
Tá cáil mhaith orainn as sárchaighdeán sa taighde agus sa teagasc, le líonraí táirgiúla, comhoibríocha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá aitheantas faighte againn dár láidreachtaí taighde trí mhaoiniú iomaíoch a dhaingniú, lena n-áirítear Creatlach AE 7, Marie Curie, INTERREG, EPA, Acadamh Ríoga na hÉireann agus tionscadail maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).
Cuimsíonn Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta réimse leathan leasa taighde, agus tagann go leor dár gcuid taighde chun cinn trínár bpríomhbhraislí taighde: Seandálaíocht na hÉireann agus na hEorpa Atlantaigh, Athrú Comhshaoil, Geopholaitíocht agus Ceartas, Pleanáil agus Inbhuanaitheacht, Léann Tuaithe agus an tAonad Taighde Pailéachomhshaoil agus Irish Studies: historical, cultural and social development of modern and contemporary Ireland.
Fochéimithe
Tá breis is 1300 mac léinn fochéime cláraithe i Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus an Léinn Éireannaigh. Sealbhaíonn ár gcuid mac léinn réimse leathan scileanna anailíseacha, teicniúla agus cumarsáide atá luachmhar agus a bhfuil tóir orthu i mórán earnálacha fostaíochta. Tá foghlaim ó thaithí agus foghlaim allamuigh lárnach dár gclár fochéime mar atá léirithe inár dtiomantas do thionscadail miontráchtais fochéime agus oiliúint allamuigh agus saotharlainne dírithe ar mhodúil.
Ó Mhárta na bliana seo, bhí orainn go léir dul i ngleic leis an teagasc agus foghlaim ar bhonn cianda, ach tá gá anois níos mó ná riamh a bheith i dteagmháil lena chéile go sóisialta agus cabhrú lena chéile, cibé bealach is féidir linn.
Chuir Ionad an Léinn Éireannaigh cáipéis le chéile dar teideal ‘Na Leideanna is Fearr maidir le Cianfhoghlaim’ agus treoir maidir le ‘Béasaíocht ar Líne' ó chomhráite le comhghleacaithe agus le mic léinn ar na cláir BA, MA agus PhD i rith na bliana.
Mic Léinn Idirnáisiúnta
Tá cáil dhomhanda bainte amach ag cláir na Scoile agus tá mic léinn tagtha chun na Scoile as an tSín, an Aetóip, an Ghearmáin, an Iodáil, an Chosaiv, an Mhaláiv, an Nigéir, an Iorua, an Rúis, Srí Lanca, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Vítneam.