-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Fostóirí
Foghlaim Obairbhunaithe
Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta i leith infhostaitheacht ár mac léinn a fheabhsú.
Is modúl socrúcháin creidiúnaithe é an socrúchán oibre atá fite fuaite in go leor clár ag leibhéal fochéime anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Déantar obair na mac léinn a mheas go hacadúil fad agus bhíonn siad ar shocrúchán oibre agus cuirtear é seo leis an measúnú iomlán don bhliain.
Tá go leor buntáistí ag baint le mac léinn a bheith ag obair i d’eagraíocht ar shocrúchán oibre. Tagann go leor eagraíochtaí ar ais bliain i ndiaidh bliana chun glacadh le mic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe mar go mbíonn siad an-tógtha le caighdeán ár gcuid mac léinn agus an tionchar dearfach a bhí acu san eagraíocht.
An próiseas:
- Déan teagmháil linn chun do riachtanais a phlé agus chun eolas a fháil ar chúrsaí
- Seol sonraíocht phoist chugainn
- Déanann mic léinn iarratas tríd an gcóras socrúcháin oibre
- Déanann fostóirí athbhreithniú ar CVanna agus déantar gearrliosta le haghaidh agallaimh
- Cuireann fostóirí agallamh ar mhic léinn
- Déanann an tOifigeach Socrúcháin tairiscint don mhac léinn
Cén fáth a nglacfá páirt:
- Cuireann na mic léinn foinse saothair oilte ar fáil mar aon le léargas ar chleachtais nua atá á dteagasc in Institiúidí Ardoideachais.
- Is réiteach solúbtha agus cost-éifeachtach ar riachtanais earcaíochta iad na mic léinn seo agus cabhraíonn siad le hualach oibre na foirne a mhaolú ag amanna gnóthacha.
- Tugann siad smaointe nua agus peirspictíochtaí nua isteach san ionad oibre.
- Féadfaidh fostóirí acmhainn bhreise a earcú chun tabhairt faoi thionscadail.
- Faigheann na fostóirí deis earcaigh ionchasacha nua a aithint agus liosta céimithe a chruthú i leith earcaíocht céimithe amach anseo.