Eolas Fúinn

Rannóg de chuid na hOifige Cuntasaíochta Airgeadais is ea an Oifig Párolla & Costas Fostaithe, a bhfuil na cúramaí seo a leanas uirthi:

  • Próiseáil Thráthúil Íocaíochtaí: Déanaimid pá agus tuarastal na gcomhaltaí foirne, agus pinsin na gcomhaltaí foirne ar scor, a phróiseáil go tráthúil ar bhonn seachtainiúil agus míosúil.
  • Fostaithe a Íoctar in aghaidh na hUaire:  Is fúinne atá sé párolla a phróiseáil d’fhostaithe a íoctar in aghaidh na huaire, lena n-áirítear cuairteoirí ar an gcampas – scrúdaitheoirí seachtracha, athbhreithneoirí feabhais, speisialtóirí ábhair, agus aoi-léachtóirí, chomh maith le hacadóirí páirtaimseartha a oibríonn mar chomhaltaí foirne tacaíochta teagaisc.

  • Stipinní Scoláireachta: Déanaimid stipinní scoláireachta atá tionscanta ag Oifig na gCuntas Taighde a phróiseáil trí Core, an t-ardán Acmhainní Daonna/Párolla.

  • Bainistiú Asbhaintí: Tá ár bhfoireann freagrach as asbhaintí reachtúla agus deonacha ar phá, ar thuarastail, ar phinsin agus ar íocaíochtaí eile a bhainistiú. Cinntímid go leagtar gach tuairisc riachtanach isteach chuig na húdaráis ábhartha, ar a n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, go tráthúil.

  • Éilimh Costas: Próiseálaimid éilimh costas faofa na foirne, a leagtar isteach ar líne trí Agresso, córas airgeadais na hOllscoile.