-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Comhdháil
Seirbhísí Comhdhála
Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an tseirbhís nua teileafónaíochta digití is ea gur féidir Droichid Chomhdhála a úsáid ó ghnáthshás láimhe. Is féidir iad a úsáid ó na teileafóin shaincheaptha chomhdhála atá i bhformhór na seomraí móra cruinnithe chomh maith. Tá comhaltaí foirne na hollscoile in ann leas a bhaint as trí Dhroichead nó Líne thiomnaithe Chomhdhála ar leith. Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce don fhoireann ar fad.
I mbeagán focal, ligeann an Droichead Comhdhála do chomhaltaí foirne glaonna comhdhála a eagrú le comhghleacaithe laistigh agus lasmuigh den eagraíocht gan gá le seirbhísí comhdhála seachtracha.
Déan Iarratas ar Dhroichead Comhdhála
Chun iarratas a dhéanamh ar Dhroichead Comhdhála, téigh chuig Córas Ticéad Dheasc Freastail ISS, roghnaigh an chatagóir ticéid a leanas agus tabhair an méid sonraí agus is féidir lena n-áirítear Ábhar, Am Tosaigh agus Am Deiridh. Ní gá rannpháirtithe an ghlao a lua.
Déanfaidh teicneoirí na Deisce Freastail an Glao Comhdhála a shocrú, agus seolfaidh siad imeacht féilire chugat ó Outlook le sonraí an ghlao agus an PIN a bheidh ag teastáil le dul isteach ar an nglao. Tosóidh an t-imeacht féilire seo 10 nóiméad roimh Am Tosaigh an ghlao agus críochnóidh sé 30 nóiméad i ndiaidh don Am Deiridh a iarradh. Déantar seo sa chaoi is nach ngearrtar an glao má théann sé ar aghaidh níos faide ná mar a bhí beartaithe. Cuireann an té a chur an t-iarratas isteach (an modhnóir, mar a thugtar orthu) an t-imeacht féilire seo ar aghaidh chuig rannpháirtithe an ghlao comhdhála
An chaoi leis an Droichead Comhdhála a úsáid
- Glaonn an rannpháirtí ar cheann de na huimhreacha a leanas
-
-
- Inmheánach: 1090
- Seachtrach: 091500490
-
- Iarrfar ar an rannpháirtí, “Enter Meeting ID followed by the # sign”
- Iarrfar ar an rannpháirtí, “Enter the Meeting PIN followed by the # sign”
- Cuirfear an rannpháirtí i seomra feithimh agus cloisfidh siad an teachtaireacht “If you are the Moderator, press *1 now”
- Má tá an rannpháirtí áirithe seo ina m(h)odhnóir ar an nglao, brúfaidh sé/sí *1 agus cuirfidh siad PIN an Mhodhnóra isteach
- A luaithe is a chuirtear PIN an mhodhnóra isteach, stopann an ceol feithimh agus tosaíonn an chomhdháil.