-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú
Cuireann Ollscoil na Gaillimhe roimpi a chinntiú go mbíonn pobal na hollscoile ionadaíoch ar an bpobal i gcoitinne agus go dtugtar tacaíocht do mhic léinn le barr feabhais a bhaint amach. Déantar é seo trí thacaíochtaí ar leith a chur ar fáil do dhaoine a mbíonn níos mó constaicí le sárú acu ná mar a bhíonn ag daoine eile. Tá go leor tacaíochtaí speisialtóireachta ar fáil do mhic léinn faoi mhíchumas, do mhic léinn lánfhásta, do mhic léinn idirnáisiúnta, do mhic léinn ó ghrúpaí mionlaigh agus do mhic léinn a chuaigh trí chóras cúraim an Stáit.
- An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais - Faigh eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil siad de dhíth orthu mar gheall ar mhíchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith
- An tIonad Rochtana - Ag obair le mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, le mic léinn faoi mhíchumas agus le mic léinn lánfhásta chun go mothóidh siad gur spás foghlama é seo ina bhfuil tacaíocht ar fáil acu agus chun go n-éireoidh leo san oideachas tríú leibhéal
- Mic Léinn Lánfhásta - Tá fáil anseo ar shonraí teagmhála Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta, ar an treoir do mhic léinn lánfhásta agus ar eolas faoi imeachtaí atá ar na bacáin
- An tOifigeach Oideachais Taistealaithe - Cuireann Ann-Marie Stokes tacaíocht agus treoir ar fáil do mhic léinn de chuid Phobal Taistealaithe na hÉireann nuair a bhíonn siad ag tabhairt faoin ardoideachas agus i rith a dtréimhse ar an ollscoil
- Oibrí Tacaíochta Oideachais do Mhic Léinn a d’Fhreastail ar Sheirbhísí Cúraim: Cuireann Betty Attwood tacaíocht agus comhairle ar fáil do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe a chaith aon tréimhse faoi chúram an stáit sula raibh siad 18 mbliana d’aois, agus déanann sí abhcóideacht ar a son. D’fhéadfadh cúram gaolta, cúram altrama, cúram cónaitheach, cúram speisialta agus/nó aon duine atá uchtaithe a bheith i gceist leis seo
- Feidhmeannaigh Chomhaltas na Mac Léinn (An tOifigeach Cearta Míchumais, an tOifigeach Cearta Mionlaigh Eitnigh, Inscne agus LGBT+, etc.)
- An Oifig Idirnáisiúnta - Téigh i dteagmháil leis an oifig idirnáisiúnta atá ar fáil chun tacú leat leis an bpróiseas iarratais agus víosa, chun fáilte a chur romhat ar an gcampas agus chun cabhrú leat lóistín sócúlach a aimsiú
- Scéimeanna DARE agus HEAR - Faigh amach faoi scéimeanna HEAR agus DARE a chuireann cothromas rochtana ar ardoideachas chun cinn do mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó do mic léinn faoi mhíchumas
- Spás Céadfach Cubbie - Is spás ilchéadfach é an Cubbie, atá suite thuas staighre in Áras Uí Chathail. Tá rochtain ag daoine i gcathaoireacha rothaí air, agus is spás sábháilte é do mhic léinn agus don fhoireann. Cuirtear clár céadfach closamhairc inoiriúnaithe ar fáil ann chun cabhrú le daoine a gcuid mothúchán a rialú. Is féidir le duine amháin ar a sheal an spás seo a úsáid
- Scéim Iasachta na Ríomhairí Glúine do Mhic Léinn - Faigh amach an bhfuil tú i dteideal ríomhaire glúine a fháil ar iasacht go fadtéarmach fad a bheidh tú i mbun staidéir