Careers and Jobs photo
Cuireann an tIonad Forbartha Gairmeacha seirbhís faisnéise agus gairmthreorach den scoth ar fáil do mhic léinn na hollscoile ionas go mbeidh siad in ann forbairt a ngairme féin a bhainistiú agus aistriú ó ghairm go gairm go héifeachtach. Déanaimid é seo ar bhealaí éagsúla:     
  • Is féidir le mic léinn agus le daoine a fuair céim le gairid leas a bhaint as Careers Connect le heolas a fháil faoi imeachtaí atá ar na bacáin agus faoi dheiseanna fostaíochta, intéirneachta nó maoinithe.‌  
  • I measc na n-imeachtaí a bhíonn dírithe ar ghairmeacha bíonn seimineáir faoi ghairmeacha, painéil alumni agus saineolaithe, aontaí fostóirí, ceardlanna infhostaitheachta, agus cainteanna sa rang.  
  • Gradam Infhostaitheachta lena dtugtar aitheantas dá bhfuil foghlamtha ag mic léinn agus do na scileanna a d’fhorbair siad agus iad ag obair agus i mbun gníomhaíochtaí seach-churaclaim. 
  • Modúl roghnach: Scileanna Fostaíochta agus Forbartha Gairme BI3103. 
  • Clár ullmhúcháin foghlama obairbhunaithe ar chúrsaí a bhfuil socrúchán le déanamh orthu. 
  • Roinntear acmhainní gairme ar sharepoint faoi ghairmeacha do mhic léinn, a mbíonn fáil go heisiach ag mic léinn na hollscoile seo air.
  • Is féidir le mic léinn reatha chláraithe coinne a dhéanamh linn i rith an téarma - déan teagmháil leis an bhfoireann trí Careers Connect, nó buail isteach i rith ár n-uaireanta oifige

Tuilleadh eolais ar An tIonad Forbartha Gairmeacha