-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Tacaíocht Duine le Duine
D’fhéadfadh sé in amanna go mbeadh ort labhairt le duine le comhairle nó cúnamh ar leith a fháil. Chabhródh sé sin leat aon fhadhb atá agat a réiteach nó tú a chur ar do shuaimhneas faoi aon ábhar imní atá agat. Cliceáil ar aon cheann acu seo thíos chun an tacaíocht a bheidh uait fad a bheidh tú ar Ollscoil na Gaillimhe a fháil.
- Comhairleoireacht - Seirbhís saor in aisce ina gcuirtear comhairleoireacht ar fáil ar an láthair, ar bhonn duine le duine agus ar líne. Cuirtear comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil chomh maith
- Oifigigh Thacaíochta do Mhic Léinn - Ar fáil do mhic léinn ar mian leo cúrsaí pearsanta, acadúla nó airgid a phlé, nó aon fhadhb eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus iad ar an Ollscoil
- Cóitseálaithe Rathúlachta - Ar fáil le cuidiú le mic léinn ‘A Saol a Phleanáil’, chun na spriocanna acadúla, pearsanta agus saoil faoi leith a bhíonn acu féin fad a bhíonn siad ar an Ollscoil a bhaint amach
- Tacaíocht Airgid - Chun comhairle a fháil faoi thacaíochtaí airgid agus chun cabhair a fháil nuair a bhíonn foirmeacha le cur isteach is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an bhfoireann tacaíochta airgid
- An tSéiplíneacht - Cuireann foireann na Séiplíneachta raon leathan seirbhísí ar fáil do mhic léinn de gach creideamh nó mic léinn nach bhfuil creideamh ar bith acu, tacaíocht duine le duine san áireamh
- Tacaíocht Idirnáisiúnta - Anseo tá sonraí teagmhála na hOifige Gnóthaí Idirnáisiúnta, ina dtugtar tacaíocht agus comhairle do mhic léinn idirnáisiúnta, le fáil
- An tOifigeach Oideachais Taistealaithe - Cuireann Ann-Marie Stokes tacaíocht agus treoir ar fáil do mhic léinn de chuid Phobal Taistealaithe na hÉireann agus iad ag tabhairt faoin ardoideachas agus i rith a dtréimhse ar an ollscoil
- Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta - Tá Kathleen Hartigan ar fáil chun bualadh le mic léinn lánfhásta chun tacaíocht agus treoir a thabhairt dóibh faoi cheisteanna éagsúla
- Comhairleoir Míchumais - Chun teagmháil a dhéanamh le comhairleoir míchumais ní mór duit clárú ar dtús leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais (DSS). Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbealach ar féidir clárú leis an tSeirbhís
- Oibrí Tacaíochta Oideachais do Mhic Léinn a d’Fhreastail ar Sheirbhísí Cúraim: Cuireann Betty Attwood tacaíocht agus comhairle ar fáil do mhic léinn de chuid Ollscoil na Gaillimhe a chaith aon tréimhse faoi chúram an stáit sula raibh siad 18 mbliana d’aois, agus déanann sí abhcóideacht ar a son. D’fhéadfadh cúram gaolta, cúram altrama, cúram cónaitheach, cúram speisialta agus/nó aon duine atá uchtaithe a bheith i gceist leis seo
- An Roth Tacaíochta - Chun teacht ar an eolas thuas ar fad agus tuilleadh féach ar an Roth Tacaíochta chun gach tacaíocht atá ar fáil duit a aimsiú bunaithe ar do chuid riachtanas