An Próiseas Measúnaithe

  • Tá an próiseas measúnaithe bunaithe ar ardchaighdeán agus barr feabhais an iarrthóra. 

  • Ní dhéanfar iarratais neamhiomlána a mheas, i.e., foirm iarratais neamhiomlán, foirmeacha ar lár e.g. an fhoirm stiúrthóra agus/nó an dá Fhoirm Moltóirí Acadúla comhlánaithe, nó an t-iarratas a bheith faighte i ndiaidh an dáta deiridh fógartha.
  • I gcás iarrthóirí faoi mhíchumas atá ag cur isteach ar scoláireacht PhD Hardiman agus a chuireann tic le Q10 den fhoirm iarratais ina dtugtar le fios gur mhaith leo bheith san áireamh don “Scoláireacht PhD Hardiman amháin ar a laghad [a bhronnfar] ar iarrthóir faoi mhíchumas a chomhlíonann an critéar cinntitheach”, ní mór don iarrthóir sin fianaise ar a m(h)íchumas a leagan isteach mar chuid de phróiseas iarratais Hardiman faoin dáta deiridh fógartha.

  • Déanfaidh painéal measúnóirí na hiarratais chomhlánaithe a mheas.
  • Beidh roinnt measúnóirí ar an bpainéal a bhfuil taithí acu ar phróisis athbhreithnithe den chineál céanna.
  • Déanfaidh triúr measúnóirí ar a laghad, ó chúlraí éagsúla, na hiarratais go léir a mheas.
  • Déanfar na hiarratais a mheas de réir ceithre chritéir ar leith, a fhreagraíonn do phríomhchodanna an phróisis iarratais.
  • Breathnóidh na measúnóirí ar na ceithre ghné den iarratas agus bronnfar marcanna orthu mar a leanas:
  1. Ráiteas Pearsanta Taighde (uas. 50 marc)
  2. Cáilíochtaí acadúla (uas. 30 marc)
  3. Tuarascálacha na moltóirí (uas. 10 marc)
  4. Taithí taighde go dtí seo (uas. 10 marc)
  • Is iad an painéal measúnóirí a dhéanfaidh na hiarrthóirí a ghearrliostú.
  • Cuirfear na hiarrthóirí go léir atá ar an ngearrliosta faoi agallamh.