-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Mic Léinn Taighde Iarchéime
Tá an Treoir do Mhic Léinn Taighde Iarchéime Nua agus atá ar Filleadh an-úsáideach chun thú a threorú chuig seirbhísí ábhartha ollscoile e.g. clárú, táillí, lóistín.
Fáilte chuig Ollscoil na Gaillimhe.
Is é an aidhm atá leis na Seisiúin Eolais fáilte a chur romhat agus an t-eolas atá de dhíth ort a thabhairt duit agus tú ag cur tús le do chuid taighde in Ollscoil na Gaillimhe.
Beidh trí chéim sna Seisiúin Eolais.
Céim 1 Cur i Láthair Réamhthaifeadta
Tabhair faoi deara: Tá cuir i láthair Chéim 1 ar fáil anois thíos.
(Cliceáil ar an nasc seo nó téigh síos níos faide an leathanach). Breathnaigh ar gach ceann de na cuir i láthair seo sula leanfaidh tú ar aghaidh chuig Céim 2 agus Céim 3.
Tá tinreamh ag Seisiún Chéim 2 agus 3 éigeantach. Déanfar tinreamh a thaifeadadh.
Deis a bheidh sna Seisiúin Eolais chun tuilleadh eolais a fháil fúthu seo a leanas
- an timpeallacht taighde iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe
- tús a chur le do chlár taighde
- seirbhísí a chuireann an Ollscoil ar fáil
Tugann Seisiúin Eolais deis duit freisin casadh leis an bhfoireann agus le mic léinn eiles.
Céimeanna na Seisiún Eolais
Céim 1 - Cur i Láthair Réamhthaifeadta
Tabhair faoi deara: Tá cuir i láthair Chéim 1 ar fáil anois Thíos. Breathnaigh ar gach ceann de na cuir i láthair seo sula leanfaidh tú ar aghaidh chuig Céim 2 agus Céim 3.
Chun fotheidil a fheiceáil (mura bhfuil siad ar fáil sa chur i láthair)
- Is féidir le Brabhsálaí Google Chrome fotheidil a ghiniúint d’aon chomhad fuaime nó físe a bhfuil tú ag féachaint air/ag éisteacht leis sa bhrabhsálaí (Socruithe > Casta > Inrochtaineacht > Fotheidil Bheo).
Nó -
Agus tú ag dul chuig gach cur i láthair físeáin, mura bhfuil fotheidil ar fáil–roghnaigh watch on YouTube, beidh rogha agat maidir le fotheidealú dúnta nó tras-scríbhinn a oscailt le haghaidh fotheidil. Cliceáil ar an deilbhín cc ag bun na láimhe deise den fhíseán chun fotheidil dhúnta a fháil nó ar an 3 phonc bheaga faoi fhíseán ríomhphoist agus roghnaigh Open Transcript..
Céim 2 – Seisiún eolais ag leibhéal na hOllscoile
Á thionól ag an Ollamh Dónal Leech, an Déan Staidéir Iarchéime
- Dáta/Am: Dé Céadaoin, 24 Eanáir 2024 ó 10:50 am – 1:30 in (Lón san áireamh ag an deireadh dóibh siúd ar an gcampas)
Teagmháil: Sandra Donohue graduatestudies@universityofgalway.ie
Ardán: Beo ar líne (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha). - Cuirfear lón éadrom ar fáil ag deireadh an tseisiúin dóibh siúd a bheidh ag freastal ar líne ach ar an gcampas ag an am céanna. Seol ríomhphost chuig Sandra ag graduatestudies@universityofgalway.ie roimh an 17 Eanáir má tá aon riachtanais chothaithe agat.
Céim 3 – Ionduchtú/Seisiún Eolais an Choláiste
Arna eagrú ag na Leas-Déin Staidéir Iarchéime i do Choláiste cuí.
- Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh
Dáta/Am: Déardaoin, 25 Eanáir ó 3 – 5 pm
Eagraí: An Dr Lindsay Reid lindsay.reid@universityofgalway.ie
Ardán: Beo ar líne trí Zoom (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha). Má d’fhreastail tú ar Chéim 2 i Lúnasa nó Deireadh Fómhair agus/nó mura bhfuair tú na sonraí logála isteach do Zoom, déan teagmháil dhíreach le do thoil leis an Dr Reid.
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
Dáta/Am: Dé Céadaoin, 25 Eanáir ó 2-3 pm
Eagraí: An Dr Lorraine Morgan (Teagmhálaí an Choláiste cbppl@universityofgalway.ie)
Ionad: Seomra Whitaker (CA110), Áras Cairnes (Foirgneamh 35 ar an Léarscáil den Champas)
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte*
Dáta/Am: Dé Céadaoin, 24 Eanáir ó 2-3 pm
Eagraí: An tOllamh Garry Duffy (Teagmhálaí an Choláiste cathal.oflatharta@universityofgalway.ie)
Ardán: Beo ar líne trí MS Teams (beidh sonraí sa ríomhphost a sheolfar chuig mic léinn iarchéime nár fhreastail ar sheisiún Chéim 2 i mí Lúnasa nó i mí Dheireadh Fómhair in am trátha). Má d’fhreastail tú ar Chéim 2 i Lúnasa nó Deireadh Fómhair agus/nó mura bhfuair tú na sonraí logála isteach do Zoom, déan teagmháil dhíreach leis an Ollamh Duffy.
- Coláiste na hEolaíochta & na hInnealtóireachta
Dáta/Am: Dé Céadaoin, 24 Eanáir ó 2-4pm
Eagraí: An Dr Nicholas Devaney nicholas.devaney@universityofgalway.ie
Ionad: THB-G010 Seomra Seimineáir, Áras Uí Argadáin (Foirgneamh 20 ar an Léarscáil den Champas)
Tuilleadh Tacaíochtaí do Mhic Léinn Idirnáisiúnta Nua
- Tá leathanach gréasáin na hOifige Idirnáisiúnta lán d’eolas úsáideach lena n-áirítear eolas a chabhróidh leat sula dtagann tú agus nuair atá tú anseo.
- Féach freisin an leathanach gréasáin Taithí na Mac Léinn Idirnáisiúnta.
- Má bhíonn ceist ar bith seol ríomhphost chuig international@universityofgalway.ie
Breathnaigh freisin ar:
- QA245 Treoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde
- Láithreán gréasáin na hOifige Lóistín
- Láithreán gréasáin Oifig na dTáillí
- Láithreán gréasáin Clárúcháin do mhic léinn Taighde Iarchéime atá ag cur tús lena gcuid staidéir.
- Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise – Seirbhísí do Mhic Léinn
- Sláine Taighde (Tabhair faoi deara nach bhfuil modúl GS5110 ag dul ar aghaidh in 2023/24 ach tá oiliúint ar líne saor in aisce sa tSláine Taighde ar fáil d’fhoireann taighde agus do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe de réir an naisc thuas))
- An tIonad Forbartha Gairmeacha
- Féilire Imeachtaí na Mac Léinn
- Bí ar an eolas- Aimsigh an t-eolas atá uait trí Aipeanna na hOllscoile a íoslódáil agus ceangal a dhéanamh le foireann na hOllscoile.
- Aipeanna do Mhic Léinn
- Yourspace.universityofgalway.ie do na naisc chuig Clubanna, Cumainn, Seirbhísí agus tacaíochtaí do Mhic Léinn, agus Obair Dheonach agus eile
- Má tá ceist ar bith agat faoi shaol na hollscoile is féidir leat ceist a chur ar Cara, cúntóir fíorúil na hollscoile.
- The PhD Student Survival Guide, curtha le chéile ag Oisín C. Joyce, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá na leideanna riachtanacha GO LÉIR d’aon mhac léinn PhD nua, reatha nó ionchasach ó bhreis is 50 acmhainn ar líne bailithe le chéile in aon áit amháin agus is féidir iad a fháil agus a íoslódáil ó phostáil Linkedin Oisín.
Táimid ag súil le bualadh libh.
Le dea-mhéin,
Dónal Leech
An Déan Staidéir Iarchéime
Naisc agus Teagmhálaithe (ón gcur i láthair thíos)
Físeáin de na Seisiúin Eolais Taighde Iarchéime
Físeáin Eolais an Choláiste: