-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
PhD Struchtúrtha
PhD Struchtúrtha in Ollscoil na Gaillimhe
Is é an chroí-thréith a bhaineann leis an gclár PhD struchtúrtha eolas a chur chun cinn trí bhuntaighde. Aithnítear gur aistear aonair atá san oideachas dochtúireachta. Is é an aidhm atá le hoideachas dochtúireachta a struchtúrú timpeallacht ina bhfuil tacaíocht ar fáil a chruthú, trí na nithe seo a leanas:
Oiliúint struchtúrtha chreidiúnaithe fhoirmiúil chun tacú le taighde an mhic léinn.
Caithfidh gach mac léinn PhD 30 ECTS den oiliúint seo a dhéanamh le linn a gcláir PhD. Roghnaíonn mic léinn modúil i gcomhar lena stiúrthóir.
Is iad an dá phríomhchineál modúl ná:
- modúil ardleibhéil a bhaineann go sonrach leis an disciplín agus
- modúil scileanna cineálacha/inaistrithe/gairmiúla, tá tuilleadh eolais ar mhodúil den sórt sin ar fáil ag Modúil – Ollscoil na Gaillimhe
Tá acmhainní ar líne (Epigeum Research Skills) ar fáil le tacú leis na modúil seo via the Researcher Development Centre Portal anseo.
Príomhghnéithe a bhaineann leis na modúil ar an PhD Struchtúrtha is ea go bhfuil siad solúbtha ó thaobh a modh seachadta agus measúnachta.
Tá Coiste Taighde Iarchéime (GRC), ar a bhfuil triúr comhaltaí foirne acadúla, dá gcuid féin ag gach mac léinn PhD, mar aon le stiúrthóir. Is é ról foirmiúil an Choiste athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn an mhic léinn gach bliain agus moladh a dhéanamh don Choláiste ar cheart dul ar aghaidh leis an gcéad bhliain eile den chlár nó nár cheart. Cuireann an Coiste tacaíocht neamhfhoirmiúil ar fáil don mhac léinn chomh maith le linn an chláir PhD.
D’fhéadfadh comhoibriú idir institiúidí a bheith i gceist i gcláir PhD struchtúrtha ar leith.
Tacaíonn Ollscoil na Gaillimhe leis an gCreat Náisiúnta d’Oideachas Dochtúireachta
Chomh maith le scileanna taighde, beidh deiseanna ag céimithe PhD scileanna breise a fhorbairt mar atá léirithe i Ráiteas Scileanna Iarchéime PhD Ollscoileanna na hÉireann Ráiteas Scileanna Iarchéime PhD an IUA 2021
Tá Treoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde le fáil ag Treoirlínte na hOllscoile do Chéimeanna Taighde (ollscoilnagaillimhe.ie)