-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Rannpháirtíocht sa Phobal
Rannpháirtíocht sa Phobal
Is mór ag OÉ Gaillimh an pobal agus caidreamh buan a fhorbairt chun dul i bhfeidhm ar shaol na ndaoine sa tsochaí. Creidimid go ndéantar an fhoghlaim is fearr nuair a bhíonn iliomad deiseanna ag mic léinn tabhairt faoin bhfoghlaim i gcomhthéacsanna an tsaoil mhóir. Chuige sin tá go leor conairí cruthaithe againn chun an t-eolas a chur i bhfeidhm sa phobal trí fhíorfhoghlaim sa churaclam, trí obair dheonach agus trí thaighde a dhéanamh ar thograí a bhaineann le deacrachtaí an ghnáthshaoil.Fíorfhoghlaim
Téann mic léinn OÉ Gaillimh i gcion go dearfach ar an bpobal gach bliain agus 1400 mac léinn ag foghlaim agus ag cur a gcuid eolais i bhfeidhm sa saol mór trí fhoghlaim seirbhíse. Nascann ár gcuid mac léinn an teoiric agus an cleachtas laistigh d'earnáil an phobail, le breis is 60 modúl acadúil faoi stiúir agus á dtacú ag léachtóirí OÉ Gaillimh agus breis is 500 comhpháirtí pobail.Taighde Pobalbhunaithe
Tacaíonn OÉ Gaillimh le taighde pobalbhunaithe idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, mic léinn agus léachtóirí ar cheisteanna agus ar fhadhbanna sa tsochaí. Cuireann an tsamhail taighde seo deis ar fáil d'eagraíochtaí pobail go ndéanfaí taighde ar ábhar nach bhfuil acmhainní acu dó, agus deis do mhic léinn tabhairt faoi thaighde a chuireann lena gcuid foghlama agus lena bhforbairt ghairme agus cuidítear ag an am céanna le hathrú dearfach sóisialta a dhéanamh.
Obair Dheonach
Ba í OÉ Gaillimh an chéad ollscoil in Éirinn a bhunaigh clár aitheantais do mhic léinn a dhéanann obair dheonach, ar an gcampas agus lasmuigh den champas, le heagraíochtaí pobail. Leis an gclár ALIVE tugaimid aitheantas do scileanna inaistrithe, d'eolas, do thiomantas agus do spreagadh na mac léinn againne trí Theastais an Uachtaráin don Obair Dheonach. Ghnóthaigh breis is 10,000 mac léinn Teastas ALIVE le deich mbliana anuas agus táimid an-bhródúil as na mic léinn, idir mhic léinn reatha agus iarmhic léinn.Campus Engage
Bhunaigh OÉ Gaillimh an gréasán náisiúnta ardoideachais chun tacú le comhghleacaithe agus le mic léinn i dtimpeallachtaí eile ardoideachais d'fhonn deiseanna oibre pobail a chruthú. Trí Campus Engage, tá 24 Uachtarán Ardoideachais in Éirinn i mbun rannpháirtíocht, threo agus fhís an phobail a chur chun cinn agus a stiúradh. Díol mórtais do OÉ Gaillimh is ea go bhfuilimid ar thús cadhnaíochta maidir leis an rannpháirtíocht sa phobal agus go bhfuil ár gcáil amuigh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta don obair a dhéanaimid sa réimse seo.