Seirbhísí Comhdhála

Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an tseirbhís nua teileafónaíochta digití is ea gur féidir Droichid Chomhdhála a úsáid ó ghnáthshás láimhe. Is féidir iad a úsáid ó na teileafóin shaincheaptha chomhdhála atá i bhformhór na seomraí móra cruinnithe chomh maith. Tá comhaltaí foirne na hollscoile in ann leas a bhaint as trí Dhroichead nó Líne thiomnaithe Chomhdhála ar leith. Tá an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce don fhoireann ar fad. 

I mbeagán focal, ligeann an Droichead Comhdhála do chomhaltaí foirne glaonna comhdhála a eagrú le comhghleacaithe laistigh agus lasmuigh den eagraíocht gan gá le seirbhísí comhdhála seachtracha.  

Déan Iarratas ar Dhroichead Comhdhála 

Chun iarratas a dhéanamh ar Dhroichead Comhdhála, téigh chuig  Córas Ticéad Dheasc Freastail ISS, roghnaigh an chatagóir ticéid a leanas agus tabhair an méid sonraí agus is féidir lena n-áirítear Ábhar, Am Tosaigh agus Am Deiridh. Ní gá rannpháirtithe an ghlao a lua. 

Déanfaidh teicneoirí na Deisce Freastail an Glao Comhdhála a shocrú, agus seolfaidh siad imeacht féilire chugat ó Outlook le sonraí an ghlao agus an PIN a bheidh ag teastáil le dul isteach ar an nglao. Tosóidh an t-imeacht féilire seo 10 nóiméad roimh Am Tosaigh an ghlao agus críochnóidh sé 30 nóiméad i ndiaidh don Am Deiridh a iarradh. Déantar seo sa chaoi is nach ngearrtar an glao má théann sé ar aghaidh níos faide ná mar a bhí beartaithe. Cuireann an té a chur an t-iarratas isteach (an modhnóir, mar a thugtar orthu) an t-imeacht féilire seo ar aghaidh chuig rannpháirtithe an ghlao comhdhála

An chaoi leis an Droichead Comhdhála a úsáid

  1.  Glaonn an rannpháirtí ar cheann de na huimhreacha a leanas   
      • Inmheánach: 1090
      • Seachtrach: 091500490
  1. Iarrfar ar an rannpháirtí, “Enter Meeting ID followed by the # sign 
  2. Iarrfar ar an rannpháirtí,Enter the Meeting PIN followed by the # sign 
  3. Cuirfear an rannpháirtí i seomra feithimh agus cloisfidh siad an teachtaireachtIf you are the Moderator, press *1 now 
  4. Má tá an rannpháirtí áirithe seo ina m(h)odhnóir ar an nglao, brúfaidh sé/sí *1 agus cuirfidh siad PIN an Mhodhnóra isteach 
  5. A luaithe is a chuirtear PIN an mhodhnóra isteach, stopann an ceol feithimh agus tosaíonn an chomhdháil.