Comhthathu-Teileafoin-banner

Ligeann an tseirbhís seo d’úsáideoirí glaonna ar fholínte ollscoile ar chóras teileafóin na hOllscoile a fhreagairt ar a gcliaint Microsoft Teams. Is féidir glaonna a chur ó do chliant Microsoft Teams chuig línte talún, fóin phóca agus folínte eile de chuid na hollscoile chomh maith. 

I dtreo an obair ón mbaile a éascú, tá Réitigh & Seirbhísí Faisnéise ag reáchtáil na scéime seo ar bhonn píolótach le roinnt Aonad ar fud na hOllscoile. 

Íoslódáil Microsoft Teams

Cliceáil ar an nasc a leanas chun aip Microsoft Teams a íoslódáil ar do ríomhaire deisce/ríomhaire glúine/fón póca: https://www.microsoft.com/en-ie/microsoft-365/microsoft-teams/download-app

Beidh ort sonraí do chuntais ollscoile Microsoft 365 a chur isteach nuair a logálann tú isteach ar Microsoft Teams den chéad uair (e.g. 0012345s@nuigalway.ie).

An chaoi le glao a chur ó Microsoft Teams

1. Oscail do chliant Microsoft Teams

2. Cliceáil ar an gcnaipe “Calls” in Microsoft Teams

3. Cliceáil ar “Dial a number” chun an eochaircheap a thabhairt aníos

4. Cuir isteach an uimhir atá uait agus brúigh an cnaipe “Call

Tabhair do d’aire:  Beidh d’uimhir folíne féin ar taispeáint sa réimse “Your number”.

Ní gá duit uimhir 9 a bhrúigh chun líne sheachtrach a fháil.

Úsáidfidh Teams na socruithe callaire agus micreafóin atá i bhfeidhm cheana féin ar an gcliant.

Chun glaoch ar fholíne inmheánach ollscoile, diailigh ceithre uimhir na folíne i gceist (e.g. 5777).

An chaoi le glao a fhreagairt ar Microsoft Teams

  1. Nuair a fhaigheann tú glaoch chuig d’fholíne trí Teams, cliceáil ar “Accept” nó “Decline” mar is cuí

Tabhair do d’aire:

  • Is é “Accept” an cnaipe gorm
  • Is é “Reject” an cnaipe dearg
  • Beidh gléas cinn nó micreafón agus callaire ionsuite de dhíth chun éisteacht agus labhairt leis an nglaoiteoir

An chaoi le teacht ar Ghlórphost

  1. Diailigh 7777
  2. Nuair a iarrtar ort, cuir isteach uimhir d’fholíne (e.g. 1234) agus brúigh # (Hais)
  3. Nuair a iarrtar ort, cuir isteach do phasfhocal
  4. Lean na treoracha chun éisteacht le do ghlórphost nó chun do bheannacht a athrú

Tabhair do d’aire: nuair a ghlaonn tú ar 7777, cuirtear +353 91 49 roimh an uimhir sin go huathoibríoch

Is féidir do ghlórphost a sheiceáil ó aon líne thalún nó fón póca ach glaoch ar 091 49 7777 agus na treoracha a leanúint.

An chaoi le glao a chur ar fanacht

1. Agus tú i mbun glao, cliceáil ar na trí phonc atá ar thaobh na láimhe deise de Teams agus roghnaigh “Hold

Tabhair faoi deara: Cloisfidh glaoiteoirí ceol le linn dóibh a bheith ar fanacht.

2. Chun filleadh ar an nglaoch, cliceáil ar “Resume

Tabhair do d’aire: Tiocfaidh scáileán aníos ar Teams a léiríonn go bhfuil an glao ar fanacht agus an fhad is atá sé ar fanacht.

An chaoi le glao a aistriú

1. Agus tú i mbun glao, cliceáil ar na trí phonc atá ar thaobh na láimhe deise de Teams agus roghnaigh idir “Transfer” nó “Consult then Transfer"

Tabhair do d’aire:

  • Déanann “Transfer” an glao a aistriú láithreach chuig folíne eile.
  • Ligeann “Consult then transfer” duit labhairt leis an té lena bhfuil tú ag aistriú an ghlao sula n-aistríonn tú é.

Cuir isteach agus roghnaigh an uimhir/an fholíne a bhfuil an glao á aistriú chuige/chuici agus cliceáil “Transfer

Tabhair do d’aire: Nuair a aistrítear glao i gceart, imíonn sé ó do chliant Teams agus ceanglaítear leis an uimhir ar aistrigh tú chuici é.

Tuilleadh tacaíochta

Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil ar leathanaigh ghréasáin Microsoft Support maidir le Glaonna Teams a Dhéanamh agus a Bhainistiú.

Is féidir ticéad a logáil le Deasc Freastail ISS chomh maith, agus cúnamh a fháil uathu.