-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Áiseanna Staidéir
Áiseanna Staidéir
Tá Ollscoil na Gaillimhe ar fáil duit taobh amuigh den seomra ranga chomh maith. Tá eolas le fáil anseo faoin méid atá le fáil ar an gcampas a chuideoidh le do chuid staidéir.
Áiseanna Staidéir
An Leabharlann
Is í Leabharlann Shéamais Uí Argadáin príomhleabharlann na hOllscoile agus tá sí suite i gcroílár an champais. Tá Leabharlann Leighis againn chomh maith, taobh amuigh den champas, san Institiúid Eolaíochta Cliniciúla in Ospidéal Choláiste na hOllscoile in aice láimhe.
Tá breis is 430,000 leabhar clóite sa Leabharlann, 400,000 ríomhleabhar agus os cionn 25,000 ríomh-irisleabhar ar ábhair éagsúla. Tá teacht ar an gCatalóg ar líne agus ar an tairseach leictreonach, eKnowledge trí Láithreán gréasáin na Leabharlainne.
Féadfaidh tú an Leabharlann a úsáid a luaithe atá tú cláraithe mar mhac léinn. Ní bheidh uait ach do chárta aitheantais.
Uaireanta oscailte
Luan go hAoine: 8.30am to 10pm
Satharn: 8.30am to 5.30pm
Domhnach: 10am to 5.30pm.
Tá an fhoireann ar fáil i gcónaí le seirbhísí na Leabharlainne a mhíniú duit agus na háiseanna atá ar fáil a thaispeáint duit.
Tá roinnt ríomhlann sa Leabharlann agus má tá ríomhaire glúine agat tá rochtain gan sreang ar fáil timpeall an fhoirgnimh agat. Tá seirbhísí fótachóipeála agus priontála ar fáil inti chomh maith.
Téigh i dteagmháil leis an Leabharlann chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 493 399
Dianranganna
Má cheapann tú go dteastaíonn cúnamh uait le gnéithe áirithe de do chúrsa, d’fhéadfá dianranganna a fhiosrú. Sna ranganna príobháideacha seo, beidh tú féin agus do theagascóir in ann díriú isteach ar cheisteanna ar leith a bhfuil deacracht agat leo ar bhealach príobháideach, tacúil.
Sula ndéanann tú dianranganna in aon ábhar, ba chóir duit labhairt le do léachtóirí nó le riarthóir an chúrsa faoi aon ábhar imní atá agat. Tá eolas maith acu ar ábhar an chúrsa agus d’fhéadfaidís tacaíocht bhreise a thairiscint duit.
Ar láithreán gréasáin Chomhaltas na Mac Léinn, gheobhaidh tú liosta iarchéimithe nó comhaltaí foirne a thugann dianranganna do mhic léinn. Ní sheiceálann Comhaltas na Mac Léinn cáilíochtaí, dintiúirí ná praghsanna na dteagascóirí agus ní dhéantar aon rialáil orthu. Ba chóir duit, ar mhaithe leat féin, an táille a aontú roimh ré agus casadh leis an teagascóir in áit phoiblí.
Téigh i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 524 810
Siopaí Leabhar
Siopa Leabhar na hOllscoile
Tá Siopa Leabhar na hOllscoile lonnaithe san íoslach faoi bhun Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Beidh aon téacs atá leagtha síos ar do chúrsa ar fáil anseo mar aon le hábhar léitheoireachta níos éadroime.
Uaireanta oscailte:
Luan go hAoine: 9am - 6pm,
Satharn: 11am - 1pm.
Téigh i dteagmháil le Siopa Leabhar na hOllscoile chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 525 318 nó folíne: 2599
Siopa Leabhar Chomhaltas na Mac Léinn
Tá siopa leabhar athláimhe ar líne ar feadh na bliana ag Comhaltas na Mac Léinn ar a láithreán gréasáin.
Téigh i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 524 810
Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise
Nuair atá tú cláraithe leis an Oifig Iontrála, gheobhaidh tú cárta aitheantais mar aon le hainm úsáideora agus pasfhocal. Rachaidh tú ansin chuig Ríomhlann ar bith ar an gcampas agus logálfaidh tú isteach ar líonra na hollscoile. Tá seirbhísí ríomhairí den scoth in Ollscoil na Gaillimhe agus cuireann líonra an champais réimse áiseanna IT ar fáil do mhic léinn chláraithe. Beidh teacht agat orthu seo a leanas:
- Líonra ardluais ar fud an champais
- Timpeall 1,600 ríomhaire bainistithe in áiteanna lárnacha ar fud an champais
- Os cionn 250 táirge bogearraí ceadúnaithe speisialta ar an gcampas
- Lascaine do mhic léinn ar sheirbhísí cosúil le leathanbhanda móibíleach nó ceadúnais bhogearraí
- Scanóirí, scríbhneoirí CDanna agus seirbhísí priontála
- Líonra gan sreang an champais
- Bonnchúrsaí oiliúna a mhúinfidh na bunrialacha maidir leis an líonra, bogearraí agus priontáil duit
- Cúnamh ó Dheasc Freastail Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise ar aon cheist ríomhaireachta
Téigh i dteagmháil leis an Deasc Freastail chun tuilleadh eolais a fháil.
T +353 (0)91 495 777 nó folíne: 5777
Áras na Gaeilge
Áras na Gaeilge
Is é Áras na Gaeilge an tIonad Gaeilge ar an gcampas. Tá na cúrsaí Gaeilge do mhic léinn agus cláir eile trí mheán na Gaeilge bunaithe anseo. Cuireann an tÁras réimse seirbhísí ar fáil do mhic léinn trí mheán na Gaeilge. Áirítear orthu sin:
- Bia Léinn, caifé do mhic léinn agus don fhoireann
- Ríomhlann
- Téatar
- Áiseanna fótachóipeála do mhic léinn
Más mac léinn thú a bhfuil Gaeilge agat nó a bhfuil suim agat sa teanga, tá fáilte romhat na seirbhísí seo a úsáid in Áras na Gaeilge.
Téigh i dteagmháil le hÁras na Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 495 248
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Is bealach é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do mhic léinn chun nasc a chothú leis an nGaeilge. Bíonn an tAcadamh ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge agus le taighde trí mheán na Gaeilge. Comhoibríonn an tAcadamh le coláistí, ranna agus oifigí eile ollscoile chun cláir nuálacha agus sholúbtha trí Ghaeilge a fhorbairt ar an gcampas agus in ionaid Ghaeltachta an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair. Bíonn na cláir ar siúl ag an tríú leibhéal agus ag an gceathrú leibhéal agus ag leibhéal idirdhisciplíneach agus cuireann siad le forbairt na Gaeltachta agus na Gaeilge go náisiúnta. Cuirtear na réimsí staidéir seo a leanas ar fáil:
- Cumarsáid
- Pleanáil Teanga
- Na Taibh-ealaíona
- Teicneolaíocht Faisnéise
- Staidéar Oideachais
- Léann an Aistriúcháin
- Gaeilge Fheidhmeach
- Gnó
- Riarachán agus Staidéar Bainistíochta
Téigh i dteagmháil le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil
T +353 (0)91 494 600
Léigh leat anseo
Léigh leat anseo
An Leabharlann
- Téigh i dteagmháil leis an Leabharlann chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 493 399
Dianranganna
- Téigh i dteagmháil le Comhaltas na Mac Léinn chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 524 810
Siopaí Leabhar
- Téigh i dteagmháil le Siopa Leabhar na hOllscoile chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 525 318 or Internal extention: 2599
Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise
- Téigh i dteagmháil leis an Deasc Freastail chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 495 777
Áras na Gaeilge
- Téigh i dteagmháil le hÁras na Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 495 248
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
- Téigh i dteagmháil le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil.
- T +353 (0)91 494 600