-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cláir Rochtana
Fáilte chuig Oifig na gClár Rochtana
Ag glacadh le hiarratais do 2024-25 anois.
Dearadh Cláir Rochtana go sonrach chun timpeallacht oideachais thacúil a chur ar fáil do mhic léinn agus chun iad a ullmhú go hacadúil agus go pearsanta do chéim fochéime lánaimseartha ag an tríú leibhéal. Faigh amach an bhfuil Clár Rochtana oiriúnach duit!
Cliceáil anseo chun teacht ar an Treoir do Chláir Dioplóma an Ionaid Rochtana
Ag glacadh le hiarratais do 2024-25 anois - féach thíos
Foirm Iarratais do Chlár Bonnstaidéir Ollscoil na Gaillimhe
Foirm Iarratais do Chlár Rochtana OÉ Gaillimh – Lucht Fágála Scoile
Foirm Iarratais do Chlár Rochtana Ollscoil na Gaillimhe – Iarratasóirí Lánfhásta
An bhfuilim i dteideal iarratas a dhéanamh?
Glacann an scéim le mic léinn nua a bhfuil cónaí orthu ar feadh bliana nó níos mó i réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (BMW) agus Co. an Chláir.
Déantar iarratasóirí a mheas de réir a stádais shocheacnamaíoch. Ní mór d’iarratasóirí fianaise a sholáthar ar ioncam teaghlaigh bliana don bhliain féilire roimhe sin lena n-iarratas. Tá na teorainneacha ioncaim ag teacht leis an Scéim maidir le Bealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR).
Costais
Íocann an Ollscoil as costais an chúrsa rochtana, ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil.
Má tá aon cheist agat déan teagmháil leis an Ionad Rochtana ar urlár na talún in Áras Uí Chathail, Campas Ollscoil na Gaillimhe. Is trí choinne amháin a chuirtear seirbhís ar fáil faoi láthair, seol do chuid ceisteanna ar rphost chuig: access@universityofgalway.ie
Clár Rochtana do Lucht Fágála Scoil
Eolas Breise agus Foirm Iarratais
Clár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhás
Eolas Breise agus Foirm Iarratais
Cúrsaí Páirtaimseartha - Mic Léinn
Eolas Breise agus Foirm Iarratais