-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Mic Léinn Lánfhásta
Fáilte
Ag glacadh le hiarratais do bhonnchúrsaí páirtaimseartha 2024-25
Fáilte chuig leathanach an Ionaid Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta. Tá eolas le fáil maidir le hiarratas a dhéanamh mar mhac léinn lánfhásta in Ollscoil na Gaillimhe, na cúrsaí céime ar féidir cur isteach orthu, na critéir iontrála, nósanna imeachta measúnaithe agus eolas riachtanach ar chúrsaí airgeadais agus tacaíochtaí.
Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta 2024
An chéad chéim chun do ghairm bheatha a athrú is ea céim a bhaint amach in Ollscoil na Gaillimhe. Sula smaoiníonn tú ar an gcéim is mian leat a bhaint amach tá roinnt céimeanna a mholaimid:
- Léigh an Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta chun eolas a fháil ar chritéir a bhaineann lenár gcéimeanna uile.
- Léigh an Réamheolaire Fochéime chomh maith chun mionchur síos a fháil ar na céimeanna agus na hábhair aonair.
- Tá eolas ar Láithreán Gréasáin na gCúrsaí Iarchéime faoi na roghanna atá ar fáil duit le staidéar a dhéanamh orthu tar éis duit do chéim a bhaint amach.
- Mura bhfuil tú cinnte faoi chéim lánaimseartha a dhéanamh bain triail as Bonnchúrsa ar dtús nó Cúrsa Rochtana.
- Mura bhfuil tú cinnte cén Ghairm Bheatha le tabhairt faoi, bain triail as roinnt tástálacha gairmeacha ag http://www.careerdirections.ie/
- Téigh chuig Laethanta Oscailte Ollscoil na Gaillimhe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Imeachtaí Fíorúla Ollscoil na Gaillimhe.
- Déan iarratas tríd an CAO in am! Roimh an 20 Eanáir chun an lascaine ar líne a fháil. Caithfidh gach iarratas a bheith istigh roimh an 1 Feabhra. http://www.cao.ie/
- Cinntigh go bhfuil tú cláraithe i gceart le haghaidh aon Mheasúnuithe Iontrála mar atá leagtha amach sa Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta.
- Comhlánaigh d’iarratas CAO i gceart ag cur tic sa bhosca Mac Léinn Lánfhásta. Ná bíodh drogall ort an taithí ábhartha uile atá agat agus na cúrsaí ar fad ar ghlac tú páirt iontu a chuidigh leat dul i dtreo céim a bhaint amach a chur san áireamh.
- Má bhíonn plean soiléir gairme agat, tabharfaidh sé cúnamh duit a bheith dírithe, spreagtha agus diongbháilte.
Tá Oifig na Mac Léinn Lánfhásta lonnaithe san Ionad Rochtana ar urlár na talún in Áras Uí Chathail. Moltar coinne a dhéanamh le hOifigeach na Mac Léinn Lánfhásta. Rphost: maturestudents@universityofgalway.ie