An tSeirbhís Tacaíochta Míchumais, Ollscoil na Gaillimhe
Cé a fhéadfaidh cur isteach ar Thacaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Féadfaidh mic léinn atá faoi mhíchumas, a bhfuil riocht sláinte leanúnach fisiciúil nó meabhrach ag gabháil dóibh, nó saindeacracht foghlama iarratas a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais (DSS) in Ollscoil na Gaillimhe. Níl ort ach iarratas a dhéanamh aon uair amháin agus beidh tú cláraithe leo ar feadh do chúrsa. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thacaíocht mhíchumais ag am ar bith le linn do chuid staidéir; ach, moltar duit iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis duit do chúrsa a thosú nó diagnóis a fháil.
Má tá tú ag filleadh ó shaoire neamhláithreachta nó briseadh i do chuid staidéir déan teagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais le seiceáil an bhfuil do thacaíocht i bhfeidhm.
Cén leas a bhaineann le Tacaíocht Mhíchumais?
Nuair a bheidh d’iarratas ar an tSeirbhís ceadaithe, beidh tú in ann leas a bhaint as socruithe réasúnta le linn do chuid staidéir in Ollscoil na Gaillimhe. Is iad seo a leanas na socruithe réasúnta is coitianta a bhíonn ag teastáil: socruithe scrúduithe; comhairle, tacaíocht agus abhcóideacht; tacaíocht foghlama
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar Thacaíocht Mhíchumais?
Lean na trí chéim seo a leanas le clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais: