Academic Support student services

Beifear ag súil gur foghlaimeoir díograiseach agus neamhspleách a bheidh ionat fad a bheidh tú i do mhac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Ach ní bhíonn sé éasca a bheith amhlaidh i rith an ama agus go háirithe sa chéad bhliain. Má mhothaíonn tú go bhféadfá titim ar gcúl le do chuid staidéir, ná bíodh eagla ort cúnamh a iarraidh ó do chuid léachtóirí nó ó do chuid teagascóirí. Bíonn an chuid is mó d’oifigí na gColáistí, na Scoileanna agus na nDisciplíní ar oscailt le linn uaireanta oifige agus is féidir bualadh isteach nó cáipéisí a fhágáil isteach gan coinne a bheith déanta roimh ré.

Tá cineálacha éagsúla tacaíochta le fáil in Ollscoil na Gaillimhe a chuideoidh leat le do chuid staidéir. Tá seirbhís buail isteach le fáil i gcuid de na hionaid ach bíonn gá le coinne a dhéanamh roimh ré in ionaid eile, faigh amach an bhfuil coinne ar fáil sula dtéann tú isteach.

  • An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla - Cuirtear ranganna teagaisc duine le duine ar fáil ann chomh maith le comhairle ar ríomhphost maidir le haistí a scríobh
  • An Leabharlann - Cuirtear raon leathan seirbhísí ar fáil sa Leabharlann do gach mac léinn. Tá tuilleadh eolais faoi na seirbhísí seo, na huaireanta oscailte agus neart eile le fáil ar a leathanach gréasáin
  • An tIonad Tacaíochta Buail Isteach Ríomhchlárúcháin - Ionad buail isteach do dhaoine atá ag tabhairt faoi aon chúrsa ríomhchlárúcháin nó aon chúrsa forbartha bogearraí
  • SUMS - Cuirtear tacaíocht sa mhatamaitic ar fáil ann, ar líne agus go pearsanta, do mhic léinn na chéad bhliana agus an dara bliain ar gach cúrsa, agus do mhic léinn na gcúrsaí Rochtana agus na mBonnchúrsaí
  • An tIonad Scileanna Acadúla - Mol acmhainní ar líne ina dtacaítear le gach mac léinn na príomhscileanna a fhorbairt a theastóidh uathu chun go n-éireoidh go maith leo go hacadúil. Tá eolas le fáil ann faoi scileanna digiteacha agus TF, ceardlanna, measúnuithe agus teicnící scrúduithe
  • Oifigigh Thacaíochta do Mhic Léinn - Ar fáil do mhic léinn ar mian leo cúrsaí pearsanta, acadúla nó airgid a phlé, nó aon fhadhb eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus iad san Ollscoil
  • Teagmhálaithe sna Coláistí/sna Scoileanna - Sonraí na dteagmhálaithe cuí sna ceithre choláiste
  • Scrúduithe 101 - Clár de thacaíochtaí scrúduithe a chabhróidh leat tú féin a réiteach do do chuid scrúduithe. Cuireann Scrúduithe na Gaillimhe 101 Ceardlanna Leabharlainne, Podchraoltaí, Maidineacha Caife agus Seimineár Scrúduithe ar fáil, mar aon le hacmhainní breise ar líne
  • Scoláireachtaí - Eolas faoin raon scoláireachtaí agus deiseanna maoinithe a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit