-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Seomra ar Cíos
An bhfuil seomra, teach nó árasán agat le ligean ar cíos do mhic léinn?
Fógraíocht a dhéanamh saor in aisce ar Studentpad do bhreis is 19,000 mac léinn, agus ioncam breise a thuilleamh – suas le €14,000 saor ó cháin. D’fhoilsigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais creat rialála deonach agus comhaontú ceadúnais samplach chun cabhrú le húinéirí tí/príomhthionóntaí agus mic léinn a bhaineann leas as an scéim Seomra ar Cíos. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gcreat rialála seo anseo.
Conas clárú le Studentpad?
Breathnaigh ar an bhfíseán thíos agus lean na céimeanna chun do lóistín a chlárú.
- Cliceáil ar ‘Tiarnaí Talún nach raibh cláraithe cheana’ anseo chun clárú ar líne
- Léigh agus glac le Téarmaí & Coinníollacha agus Polasaí Príobháideachta
- Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist agus roghnaigh pasfhocal
- Cuir isteach do shonraí agus cliceáil ‘cláraigh’
- Cuir isteach sonraí lóistín agus cuir grianghraif/físeáin leis
- Cuir isteach eolas faoin bhfógra (cíos, éarlais, fáil, etc.) agus cliceáil ‘Ar Aghaidh – Fógraíocht’
- Fan go gceadófar an fógra
Príomhleideanna do Sholáthróirí Lóistín
- Bíodh comhaontú léasa/cíosa agat
- Leag amach an méid a bhfuil tú ag súil leis ag an tús
- Seiceáil an bhfuil d’áit chónaithe incháilithe d’Fhaoiseamh do Sheomra ar Cíos ó na Coimisinéirí Ioncaim
- Bíodh do chearta agus do fhreagrachtaí ar eolas agat
- Déan obair dheisiúcháin go tapa
- Bíodh meas agat ar phríobháideachas do thionónta
- Téigh i ngleic le fadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn; ná fan go mbeidh an fhadhb faighte níos measa
- Déan iarracht aithne a chur ar do thionóntaí
Déan Teagmháil Linn
Glaoigh ar an tSeirbhís Chomhairleach Lóistín ag +353 (0)91 49 2364 / +353 (0)91 49 2070, nó seol ríomhphost chugainn ag accommodation@universityofgalway.ie
Claire, Bóthar Mhóinséil | Úinéir tí
Bhí Sarah thar cion! Bhí sé iontach comhluadar a bheith sa teach fad a bhí sí ag críochnú a PhD.
Declan, An Caisleán Nua | Úinéir tí
Ba dheas liom cabhrú le Kumar eolas a chur ar an gcathair agus é a fheiceáil ag déanamh go maith.