Tá áthas orainn a bheith in ann turas ar ár gcampas álainn cois abhann ar chósta thiar na hÉireann a thairiscint duit.   

Treoróidh ár bhfoireann ambasadóirí mac léinn thú ar thuras siúil timpeall Ollscoil na Gaillimhe leis na háiseanna campais, suíomhanna na bhfoirgneamh acadúil agus seirbhísí na mac léinn a fheiceáil agus blaiseadh a fháil ar shaol na mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Ar an turas ar an gcampas beidh tú in ann foghlaim faoi stair na hollscoile agus níos tábhachtaí fós labhairt lenár n-ambasadóirí mac léinn faoina dtaithí ar staidéar in Ollscoil na Gaillimhe. 

Turas ar an gCampas do Mheánscoileanna

  • Más mian leat turas ar an gcampas a chur in áirithe do do Mheánscoil déan teagmháil le maureen.walsh@universityofgalway
  • Mairfidh turas ar an gcampas thart ar 40 nóiméad, le 20 nóiméad sa bhreis ag an deireadh ionas go mbeidh tú in ann labhairt lenár n-ambasadóirí mac léinn agus ceist ar bith a chur orthu.
  • Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe (seachtain roimh ré, ar a laghad)

Turas ar an gCampas ar an Satharn

  • Más mian leat turas ar an gcampas a chur in áirithe líon an fhoirm áirithinte atá ar fáil anseo
  • Bíonn turais threoraithe ar an gcampas ar siúl gach Satharn ag 11am, 1pm agus 3pm.
  • Mairfidh turas ar an gcampas thart ar 40 nóiméad, le 20 nóiméad sa bhreis ag an deireadh ionas go mbeidh tú in ann labhairt lenár n-ambasadóirí mac léinn agus ceist ar bith a chur orthu.
  • Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe  (48 uair an chloig roimh ré, ar a laghad).

Má ritheann ceist ar bith eile leat faoi na turais ar an gcampas, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linnt campustours@universityofgalway.ie.