LIFT

Seasann LIFT do 'Leading Ireland's Future Together'.

Eolas faoi LIFT

Is clár 8-10 seachtaine é LIFT, a mhaireann 30-40 nóiméad sa tseachtain. Bíonn rannpháirtithe páirteach i ngrúpa beag, ar líne ar fad nó meascán idir ar líne agus ar an láthair, agus clúdaítear na luachanna thíos:

  1. Éisteacht​
  2. Macántacht agus Ionracas​
  3. Meas​
  4. Dearcadh Dearfach​
  5. Inniúlacht​
  6. Tiomantas agus Díograis
  7. Cuntasacht​
  8. Ionbhá agus Tuiscint
  9. Teacht Aniar
  10. Nuálaíocht
  11. Éagsúlachta & Cuimsithe
  12. Cothroime
  13. Inbhuanaitheacht

Nasc le Clárú

Cliceáil anseo ar an bhfoirm seo chun clárú le grúpa LIFT. 

Teagmháil le LIFT

Seol ríomhphost chuig ‌lift.staff@universityofgalway.ie chun tuilleadh eolais a fháil. 

Ról Áisitheora LIFT (vs a bheith páirteach)

Mar áisitheoir cuirtear oiliúint ar an bhfoireann sa chlár LIFT, trí sheisiún oiliúna 4 uair an chloig. Ansin stiúrann na háisitheoirí a ngrúpa féin ar feadh 10 seachtaine mar oibrithe deonacha agus cuireann siad le machnamh agus forbairt LIFT in Ollscoil na Gaillimhe.

An tairbhe a bhaineann le hoiliúint mar Áisitheoir LIFT ar go leor bealaí:

  • Má chríochnaíonn tú an oiliúint Áisitheora, gheobhaidh tú an Deimhniú Áisitheora LIFT mar aitheantas. 
  • Nuair a bheas an clár 8 - 13 seachtaine curtha i gcrích agat gheobhaidh tú an Teastas Rannpháirtíochta LIFT mar aitheantas.

Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh a bheith i d’Áisitheoir LIFT?

  • Beidh tú in ann díriú ar do scileanna ceannaireachta & áisitheoireachta agus iad a fhorbairt thar 8 - 13 seachtaine.
  • Buailfidh tú le daoine nua a bhfuil suim acu a scileanna ceannaireachta a fhorbairt ar nós tú féin.
  • Feicfidh tú eispéiris, deiseanna agus smaointe úra.
  • Léiríonn an fhoireann na 8 - 13 réimse ceannaireachta a chuireann luachanna pobail chun cinn agus a théann i bhfeidhm ar an bpobal. 
  • Is féidir leat é a chur le do CV mar fhianaise ar fheabhsú scileanna ceannaireachta.

Cén chaoi ar féidir liom a bheith i m’Áisitheoir LIFT?

Gné iontach de LIFT ná go dtugtar an-tacaíocht don áisitheoir! Tá leabhar oibre ar an gclár le treoracha simplí agus tá an clár iomlán le fáil ann. Ciallaíonn sé seo gur deis iontach é do ról mar Áisitheoir chun cleachtas agus muinín a chothú maidir le grúpa a áisiú, ar bhealach sábháilte, struchtúrtha agus treoraithe. Ní gá duit ábhar a chumadh don ghrúpa, ná grúpa a bhainistiú – ní gá duit ach díriú ar an taithí. 

Mar sin má tá tú ag smaoineamh "Níl mé cinnte an féidir liom é a dhéanamh" tá a fhios againne gur féidir leat – tá muinín againn asat. Tá an clár cumhachtach agus úsáidtear cur chuige agus teanga shimplí ann le bheith inrochtana do chách. 

Cén chaoi ar féidir liom páirt a ghlacadh in LIFT?

Cláraigh, sannfaidh Foghlaim & Forbairt grúpa/áisitheoir duit, agus féadfaidh tú a chur in iúl don áisitheoir cad iad na hamanna sa tseachtain a oireann duit. Níl le déanamh agat ach a bheith i láthair agus a bheith páirteach gach seachtain!

Seol ríomhphost chuig lift.staff@universityofgalway.ie le haghaidh tuilleadh eolais nó éist siar le Rachel ar FlirtFM ag caint faoi (ó 32 nóiméad ar aghaidh) anseo.

Féilire

Féilire

Féach ar an bhféilire

Cliceáil ar an nasc seo chun dul chuig an bhféilire

Cliceáil anseo