-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Acmhainní agus Pleananna Sláinte
Acmhainní agus Pleananna Sláinte
VHI Healthcare
Tosaíonn Grúpscéim Ollscoil na Gaillimhe leis an VHI i mí Aibreáin gach bliain agus críochnaíonn sé i mí an Mhárta. Is féidir leis an oifig párolla asbhaintí pá a shocrú chun íoc as do VHI amháin. Caithfidh tú scéala a chur chuig an VHI más mian leat asbhaintí pá a shocrú. Sula ndéanfaidh tú teagmháil leis an VHI, cuir ríomhphost chuig payroll@universityofgalway.ie chun uimhir na grúpscéime a fháil.
Caithfidh an comhalta foirne teagmháil a dhéanamh go díreach leis an VHI má theastaíonn uathu aon leasú a dhéanamh ar an asbhaint nó iarratas a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an asbhaint.
Sonraí teagmhála don VHI: Shane McEvoy 0567775800 / Rphost: shane.mcevoy@vhi.ie
Ionad glaonna an VHI i gCill Chainnigh: 1890 44 44 44
Féach ar na sonraí atá ar Láithreán Gréasáin na hOifige Pinsean & Infheistíochtaí i dtaca leis an tseirbhís a chuireann Cornmarket ar fáil chun comparáid a dhéanamh idir polasaithe na gcomhlachtaí éagsúla árachais.
**********************************************
AN T-EOLAS IS DÉANAÍ ÓN VHI MAIDIR LE PRÉIMHEANNA LE LINN COVID-19
Fógra Tarscaoilte Préimhe ón VHI
Tá Ceisteanna Coitianta curtha i dtoll a chéile ag an VHI ina mínítear an chaoi a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm. Lena chois sin, tá teachtaireacht agus Ceisteanna Coitianta ann atá dírithe ar fhostaithe, á gcur ar an eolas faoin athrú agus a fhreagraíonn roinnt de na príomhcheisteanna a bheidh acu maidir leis an gcaoi a fheicfear an t-athrú seo agus an uair a tharlóidh sé. Tá sonraí ann chomh maith faoin iliomad seirbhísí agus sochair a leasaíomar agus a leathnaíomar le déanaí chun tacú le fostaithe ag an tráth seo.
Táimid ag déanamh athbhreithniú agus oiriúnú ar sheirbhísí agus ar shochair eile ar bhonn leanúnach lena chinntiú go bhfuil siad feiliúnach agus fiúntach dár gcustaiméirí le linn COVID-19. Cuirfimid scéala chugat le haon athruithe amach anseo, nó is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar www.vhi.ie/covid-19.
Sochair agus Seirbhísí VHI atá ar fáil le linn COVID-19
VHI – Ceisteanna Coitianta d’Fhostóirí
VHI – Ceisteanna Coitianta d’Fhostaithe
Cúram Fiacla
Ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas faoi ríomhiris sláinte béil atá deartha ag an bhFoireann Fiaclóireachta. Mar is eol duit, tá an chuid is mó de lialanna fiaclóra oscailte le haghaidh cóireáil éigeandála fiaclóireachta amháin na laethanta seo, agus cheapamar tráthúil é dá bhrí sin roinnt comhairle sláinte béil a roinnt le daoine. Gheobhaidh tú cáipéis leis seo – 5 Leid chun Aire a Thabhairt do d’Fhiacla le linn Covid-19 – is féidir a roinnt le do chomhghleacaithe.
5 Leid chun Aire a Thabhairt do d’Fhiacla le linn COVID-19
**********************************************
Árachas Saoil
Roghnaíodh Group Life Plan mar fhrithgheallaí agus mar sholáthróir an Phlean Deonaigh do Chumhdach Saoil atá ag Ollscoil na Gaillimhe.
Leis an bplean deonach do chumhdach saoil, tugtar deis do bhaill cumhdach breise saoil a fháil. Is ionann luach an tsochair cumhdaigh saoil agus dhá oiread go leith do thuarastal inphinsin i gcás báis le linn seirbhíse. Bainfear na préimheanna as do thuarastal gach mí agus beidh faoiseamh cánach ag an ráta imeallach cánach i gceist leo.
Tá eolas breise ar fáil anseo.