Ceisteanna Coitianta

Acmhainní Daonna: Fiosruithe Ginearálta

Cá bhfuil an Oifig Acmhainní Daonna?

Tá an Oifig Acmhainní Daonna lonnaithe sa Chearnóg: Léarscáileanna - Ollscoil na Gaillimhe

Cad í uimhir chláraithe na hOllscoile?

0022578J

Cén uair a dhéantar íocaíochtaí míosúla tuarastail?

Íoctar tuarastal míosúil in Ollscoil na Gaillimhe ar an tríú lá deireanach de gach mí trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: Dátaí íocaíochta - Ollscoil na Gaillimhe

Cén uair a dhéantar íocaíochtaí tuarastail seachtainiúla?

Íoctar tuarastal seachtainiúil in Ollscoil na Gaillimhe gach Déardaoin trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: Dátaí íocaíochta - Ollscoil na Gaillimhe

Cá bhfuil scálaí tuarastail na foirne le feiceáil?

Tá scálaí tuarastail na foirne ar fáil ar láithreán gréasáin na Cuntasaíochta Airgeadais.

 

Cá bhfaighidh mé Cárta Aitheantais Foirne?

Eisíonn an Oifig Acmhainní Daonna na cártaí aitheantais. Is í an uimhir theagmhála ná 353 91 524411, Folíne:  2151. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chártaí Aitheantais Foirne, cliceáil anseo.

 

Cad é scéim ríomhairí na foirne?

Tá Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (ISS) i gcomhar leis an Oifig Acmhainní Daonna i mbun Scéim Ríomhairí do Chomhaltaí Foirne. Baineann sé seo le comhaltaí foirne acadúla nua amháin. 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim ríomhairí do chomhaltaí foirne, féach ar leathanach na Sochar Foirne

Céard is uimhir PSP ann?

Is ionann Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus d’uimhir thagartha uathúil do gach déileáil leis an tSeirbhís Phoiblí (e.g. iarratas a dhéanamh chuig an oifig chánach ar dheimhniú creidmheasanna cánach, iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh ar scéim íocaíochta Leasa Shóisialaigh etc.). Tá an uimhir PSP tagtha in ionad na huimhreach RSI (Uimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh). Má tá uimhir RSI agat cheana féin is í seo d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí anois.  

Is féidir tuilleadh eolais faoin uimhir PSP a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Leasa Shóisialaigh

 

Cá bhfaighidh mé uimhir PSP?

Is féidir an uimhir a fháil san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil i Sráid San Aibhistín i nGaillimh in aice le leabharlann na Cathrach. Ní féidir uimhir PSP a fháil sula dtiocfaidh tú isteach sa tír mura raibh tú sa tír cheana riamh. (Uimhir theagmhála: 00 353 91 566191)

Cá ndéanfaidh mé iarratas ar chead oibre?

Sonraíonn an tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2003 nach féidir le náisiúnach neamh-AE oibriú sa Stát gan cead fostaíochta a bheith tugtha ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. 
Déanfaidh an Oifig Acmhainní Daonna an phróiseáil agus rachfar i dteagmháil leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le gach iarratas ar chead oibre i ndáil le fostaithe ionchasacha nó athnuachan ceadanna oibre d’fhostaithe reatha. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar riachtanais cead oibre ar láithreán gréasáin na Roinne Fiontar agus Fostaíochta.

For Research staff, further information on hosting agreements can be found here Fast Track Work Permit for Non-EU R&D (Hosting Agreement Scheme) | EURAXESS

Cén chaoi ar féidir iarratas a dhéanamh ar phost?

Níl le déanamh ach logáil isteach ar an leathanach Post & Folúntas. Beidh liosta de na folúntais reatha le feiceáil agus trí chliceáil ar gach ceann acu lódálfar pacáiste eolais poist a thabharfaidh na treoracha duit chun iarratas a dhéanamh.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil m’iarratas faighte agaibh?

Nuair a dhéanann tú iarratas ar phost, gheobhaidh tú cárta admhála nó ríomhphost le deimhniú go bhfuil d’iarratas faighte againn. Mura bhfuil admháil faighte agat laistigh de 5 lá oibre déan teagmháil le recruit@universityofgalway.ie 

An nglacfaidh tú le m’iarratas tar éis an dáta deiridh?

Ní ghlacfaidh, tá polasaí an-daingean ag an Ollscoil ina leith seo agus ní féidir glacadh le haon iarratas tar éis 5:00 p.m. (am na hÉireann) ar an spriocdháta.

Cén uair a chloisfidh mé an bhfuil cuireadh faighte agam chuig agallamh?

Cuirfear toradh a n-iarratais in iúl do gach iarrthóir a chuireann isteach ar phost ar bith a luaithe agus is féidir i.e. cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé/sí curtha ar an ngearrliosta le haghaidh agallaimh. Mura bhfuil toradh an ghearrliostaithe faighte agat laistigh de 5 seachtaine déan teagmháil le do thoil le recruit@universityofgalway.ie 

Cá bhfuil áiseanna bia na hollscoile?

Tá naoi mbialann ag Campbell Catering ar an gcampas agus tá péire ag Comhaltas na Mac Léinn.

  • Campbell Catering
  • An Bhialann
  • The Junction
  • Áras Naomh Antaine
  • Áras na Gaeilge
  • Eolaíocht Chliniciúil
  • Oileán Altanach
  • Áras Dán na Mílaoise
  • Coffee on Line
  • Seomra Caidrimh
  • Seomra Foirne
  • Lónadóireacht Chomhaltas na Mac Léinn
  • Smokey Joe’s
  • An Beár

Chun eolas a fháil ar uaireanta oscailte, biachláir, cliceáil anseo

An bhfuil banc san ollscoil?

Tá. Tá Banc na hÉireann ag deireadh na Slí Dála.