Meantóireacht

Fáilte chuig an Scéim Meantóireachta in Ollscoil na Gaillimhe

Cad is Meantóireacht ann?

Is éard is meantóireacht ann próiseas ina gcuireann meantóir ar chumas a m(h)ic léinn meantóireachta cur leis na scileanna atá aige/aici agus na spriocanna gairme atá aige/aici a bhaint amach.  Cuirtear tacaíocht ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe i bhfoirm comhpháirtíochta idir comhaltaí foirne sinsearacha agus comhghleacaithe leo atá i dtús a ngairme. Tá sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht seo a chur ar chumas na foirne barr a gcumais a bhaint amach.

Oiliúint Meantóireachta/Meantaithe

Please refer to CorePortal or the Learning & Development Calendar to view all upcoming workshops. You can also add your name to the waiting list if no dates are available. Search for "Mentor" or "Mentee" on Core Portal.

Prionsabail na Meantóireachta

Is éard is meantóireacht ann ná an próiseas ina dtugann meantóir treoir don mhac léinn meantóireachta maidir lena g(h)airm bheatha a fhorbairt.  Chun go n-éireoidh le caidreamh meantóireachta, caithfidh sé a bheith bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • Is ag an mac léinn meantóireachta a bhíonn úinéireacht ar an bpróiseas meantóireachta agus is eisean/ise a thiomáineann an clár meantóireachta.  Tá an meantaí freagrach as teagmháil a thionscnamh leis an meantóir.
  • Is caidreamh atá faoi rún é an caidreamh leis an meantóir. Ní féidir na nithe a phléann an meantóir agus an meantaí a nochtadh do thríú páirtí gan cead ón dá pháirtí sin.
  • Níl baint ná páirt ag an meantóireacht le Córas Forbartha Bainistíochta Feidhmíochta Ollscoil na Gaillimhe.
  • Cur chuige neamhthreorach a bhíonn ag an meantóireacht.
  • Tá caidreamh na meantóireachta bunaithe ar mhuinín, agus ar mheas a bheith ag an dá pháirtí ar a chéile.
  • Cuireann an meantóir ar chumas an mheantaí a bheith freagrach as a c(h)uid foghlama féin agus as a g(h)airm bheatha féin a fhorbairt.
  • Cuireann an meantóir spás sábháilte ar fáil don mheantaí inar féidir leis/léi fadhbanna a bhaineann leis an obair a phlé agus iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh.
  • Ní chuireann an caidreamh meantóireachta aon oibleagáid ar cheachtar páirtí seachas an aidhm forbartha a ghabhann leis.

 

Buntáistí na Meantóireachta

 

An Tairbhe a Bhaineann an Meantaí aisti:

  • Cuidíonn sí le comhaltaí foirne nua a ionduchtú agus cuireann sí dlús lena gcuar foghlama
  • Bíonn siad níos cinnte faoina spriocanna gairme agus faoin mbealach lena mbainistiú
  • Deis le dúshlán a gcuid tuairimí féin agus na nithe a chreideann siad iontu a thabhairt
  • Tríd an teagmháil leis an meantóir, tá siad ag cur leis an ngréasán daoine a dtagann siad faoina n-anáil
  • Cuirtear am agus spás ar fáil dóibh chun machnamh a dhéanamh, tuiscint a fháil ar chúrsaí, níos mó eolais a chur orthu féin agus cur lena bhféinmhuinín
  • Éiríonn siad níos táirgiúla agus níos éifeachtaí, rud a chuidíonn leo a spriocanna gairme a bhaint amach
  • Tacaíocht maidir le caidrimh le daoine eile a bhainistiú agus a fhorbairt
  • Faigheann siad léargas ar chultúr Ollscoil na Gaillimhe, an struchtúr foirmiúil agus neamhfhoirmiúil atá aici agus an bealach a n-oibríonn sí

An Tairbhe a Bhaineann an Meantóir aisti:

  • Déanann sé/sí scileanna nua a fhorbairt agus rudaí nua a fhoghlaim ón gcaidreamh
  • Bíonn teagmháil aige/aici le comhaltaí foirne acadúla atá i dtús a ngairme agus cuireann sé/sí eolas ar an mbealach a bhforbraíonn a ngairm
  • Deis chun machnamh a dhéanamh agus chun eolas a chur ort féin go pearsanta
  • An sásamh a bhaineann le cuidiú le comhghleacaithe forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh

Róil agus Freagrachtaí

Freagrachtaí an Mheantóra

De ghnáth beidh post ag an Meantóir atá ar leibhéal níos sinsearaí nó beidh níos mó taithí aige/aici i réimse spéise an Mheantaí. Is é/í an Meantóir a spreagann an caidreamh meantóireachta.

D’fhéadfadh an Meantóir a bheith scaití ina (h)eiseamláir nó ina (h)éisteoir maith, ach uaireanta eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an meantóir dúshlán a thabhairt, comhairle a chur ar fáil nó éascaíocht a dhéanamh. Is cuma cén ról atá aige/aici, léireoidh an Meantóir na caighdeáin ghairmiúla is airde agus léireoidh sé/sí raon tréithe pearsanta i ngach ceann de na róil sin lena n-áirítear:

  • Spéis ina f(h)orbairt féin agus daoine eile
  • Cumas éisteachta den scoth
  • Ní mór a bheith in ann teacht go héasca ar an meantóir agus go mbeadh an meantóir ar fáil nuair a bheas gá leis
  • Cumas muinín a shaothrú agus rúndacht a choinneáil
  • Cur chuige tairbheach a chur chun cinn i gcónaí ina gcuirtear an bhéim ar fhorbairt an Mheantaí

Freagrachtaí an Mheantaí

Tá ról ag an Meantaí a chinntiú go n-éiríonn go maith leis an gcaidreamh Meantóireachta agus is féidir leis/léi cur le rath an chaidrimh Meantóireachta trí;

  • A bheith sásta tabhairt faoi dheiseanna forbartha gairme
  • A bheith oscailte agus ionraic leis an Meantóir maidir leis na spriocanna atá uaidh/uaithi ón gcaidreamh
  • Tuiscint agus meas a léiriú ar dhúthracht an Mheantóra
  • Cloí le rúndacht

Freagrachtaí an Choláiste nó na Scoile

Ainmneoidh gach Coláiste/Scoil/Aonad “seaimpín meantóra” a thacóidh leis an gclár Meantóireachta laistigh dá n-aonad. Cuirfidh an Oifig Acmhainní Daonna/Foghlaim & Forbairt tacaíocht ar fáil don seaimpín meantóra maidir leis na nithe seo a leanas:

  • An próiseas Meantóireachta a éascú laistigh dá n-aonad trí Mheantóirí agus Meantaithe a spreagadh tabhairt faoin bpróiseas
  • Tacú le agus tuairisciú ar mheantóireacht mar phríomhtháscaire feidhmíochta ar leibhéal feidhmiúcháin scoile agus aonaid
  • Casadh le Meantóirí ionchasacha, nuair is cuí, chun oiriúnacht do ról an Mheantóra a phlé
  • Ainmniúcháin do mheantóirí/do mheantaithe a bhailiú laistigh dá réimse
  • Cleachtas machnamhach a éascú chun Meantóireacht a chur chun cinn

Freagrachtaí na hOifige Acmhainní Daonna

Oibreoidh an Oifig Acmhainní Daonna le gach Coláiste/Scoil/Aonad agus cuirfidh sí tacaíocht ar fáil dóibh trí:

  • Seisiúin eolais a eagrú faoin bpolasaí meantóireachta
  • Ceardlanna meantóra agus meantaí a eagrú agus a shocrú
  • Cabhrú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas
  • Cabhrú le meantóirí/meantaithe a chur i mbeirteanna
  • Tacú le cleachtas machnamhach trí shonraí ábhartha a bhailiú agus a sholáthar gan rúndacht meantóra/meantaí a shárú

Cáipéisí Meantóireachta

Tá Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe ar fáil le féachaint air nó le híoslódáil anseo: University of Galway Mentoring Framework/Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe

Clárú

Meantaithe
  1.   Léigh Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe chun tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas agus ar na róil agus na freagrachtaí.   
  2.   Cláraigh do spéis leis an Seaimpín áitiúil Meantóireachta nó Ceann Scoile/Aonaid*.
  3.   Cuirfear ainmniúcháin ó gach réimse ar aghaidh chuig an Aonad Foghlama & Forbartha faoi dhó sa bhliain (Eanáir agus Iúil).
  4.   Líonfaidh an meantaí Foirm Péireála an Mheantaí chun cuidiú le Meantóir agus Meantaí a mheaitseáil.
  5.   Má tá Meantóir ar intinn agat nó má tá plé agat le meantóir cheana féin, cuir an tAonad Foghlama agus Forbartha ar an eolas roimh ré.
  6.   Is féidir leis an meantaí clárú ansin do cheardlanna atá le teacht agus fógrófar iad ar an leathanach gréasáin Foghlama agus Forbartha.

*Más fearr leat do spéis a chlárú go discréideach déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.

Meantóirí
  1.    Léigh Creat Meantóireachta Ollscoil na Gaillimhe chun tuiscint iomlán a fháil ar an bpróiseas agus ar na róil agus na freagrachtaí. 
  2.    Cláraigh do spéis leis an Seaimpín áitiúil Meantóireachta nó Ceann Scoile/Aonaid*.
  3.    Cuirfear ainmniúcháin ó gach réimse ar aghaidh chuig an Aonad Foghlama & Forbartha faoi dhó sa bhliain (Eanáir agus Iúil).
  4.    Líonfaidh an meantóir Foirm Péireála an Mheantóra chun cuidiú le Meantóir agus Meantaí a mheaitseáil.
  5.    Is féidir leis an meantóir clárú ansin do cheardlanna atá le teacht agus fógrófar iad ar an leathanach gréasáin Foghlama agus Forbartha.

*Más fearr leat do spéis a chlárú go discréideach déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.

Seaimpíní Áitiúla Meantóireachta

Más spéis leat a bheith i do Sheaimpín Meantóireachta i do réimse, déan teagmháil le Mark & Rachel ag learninganddevelopment@universityofgalway.ie nó trí MS Teams.

Seaimpíní Meantóireachta

Réimse

Coláiste/Aonad

An tOllamh Gary Donohoe

Síceolaíocht

Na Dána

An tOllamh Kevin Leydon

Soc & Pol

Na Dána

An tOllamh Enrico Dal Lago

Stair & Fealsúnacht

Na Dána

Sharon Glynn

Paiteolaíocht

Leigheas

Dr. Georgina Gethin

Altranas & Cnáimhseachas       

Leigheas

Dee Sheridan

Leigheas

Leigheas

Mark McGuinness   

Foghlaim agus Forbairt    Acmhainní Daonna

Rachel Quinlan   

Foghlaim agus Forbairt 

Acmhainní Daonna

Rosemary Geoghegan

Péidiatraic

Leigheas

Stasha Antonijevic-Elliot

Teiripe Urlabhra agus Theanga

Leigheas

Mary Pat O'Malley-Keighran

Teiripe Urlabhra agus Theanga

Leigheas

An tOllamh Colette Kelly

Cothú Sláinte

Leigheas

Ruth McMenamin

Teiripe Urlabhra agus Theanga

Leigheas

 

Roghanna Eile Meantóireachta

An bhfuil spéis agat tacú le scoláirí na hOllscoile Tearmainn (UoS) ar a dturas acadúil in Ollscoil na Gaillimhe? 

Anuas ar obair Chlár Scoláireachta Comórtha Céad Bliain Cuimsitheachta agus na hOifige Iontrála, osclaíodh Clár Scoláireachta na hOllscoile Tearmainn (UoS) d’iarratais in 2019. Cuireadh an clár ar bun chun rannpháirtíocht in Ollscoil na Gaillimhe a mhéadú d’Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta, dídeanaithe, grúpaí inimirceacha leochaileacha, agus Lucht Siúil na hÉireann. Go dtí seo, bhí 60 mac léinn ó 24 tír éagsúil ar an gclár scoláireachta san Ollscoil. 

Is bealach iontach é clár meantóireachta acadúil na hOllscoile Tearmainn do lucht acadúil bualadh le mic léinn ó chultúir éagsúla agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus comhairle acadúil a chur ar fáil maidir le hobair chúrsa na meantaithe le linn a gcúrsa staidéir.. Is é/í Oifigeach na hOllscoile Tearmainn a sholáthróidh aon chomhairle a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó mheantaithe maidir le scrúduithe a chur siar, tinneas, etc. Cuirfear oiliúint shaincheaptha ar mheantóirí. Is féidir le meantóirí a bhfuil suim acu a bheith ina meantóirí acadúla an fhoirm ghearr a líonadh anseo. 

  

Sparánacht 1916 & Meantóireacht Tacaíochta na hOllscoile Tearmainn 

Chun tacú leis an dream a bhaineann Sparánacht 1916 amach agus le scoláirí na hOllscoile Tearmainn aistriú chuig oideachas tríú leibhéal, tá an Ollscoil ag obair i gcomhar le Clár Meantóireachta Coláiste de chuid Foróige chun comhairle phraiticiúil a chur ar fáil do scoláirí, comhairle a theastaíonn uathu anuas ar an meantóireacht acadúil sa chéad bhliain dá gcúrsa. Is fostaithe de chuid na hOllscoile iad meantóirí tacaíochta, a oibríonn i róil riaracháin, acadúla agus tacaíochta. Roghnaítear meantóirí bunaithe ar a dtoilteanas agus a gcumas tacú le scoláire, ar a n-eolas ar an Ollscoil agus ar a próisis, agus ar a spéis i leas na mac léinn Ollscoile. 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gclár, is féidir ríomhphost a chur chuig Cliodhna Donoghue ag cliodhna.donohue@foroige.ie má tá aon cheist agat. Nó, más mian leat clárú le bheith i do mheantóir tacaíochta Foróige, cliceáil anseo. 

Ábhar Meantóireachta