Bronnadh Creidiúnú KeepWell ag Leibhéal Tiomantais ar Ollscoil na Gaillimhe in 2021. Thar shaolré Straitéis na hOllscoile 2020 – 2025, tá sé beartaithe againn ár gcreidiúnú a ardú ó Leibhéal Tiomantais go Sármhaith.

Cuireann an Marc KeepWell ar chumas Ollscoil na Gaillimhe sraith céimeanna soiléire agus éasca a leanúint atá deartha chun ár n-ionad oibre a dhéanamh níos sláintiúla agus níos sona.

Tá sraith 8 gcaighdeán sláinte agus folláine sa Mharc KeepWell a thiomáineann agus a chothaíonn dea-chleachtas agus ardchaighdeáin chun tacú le fostaithe

Is iad na caighdeáin:

  • Ceannaireacht
  • Bainistiú Neamhláithreachta
  • Láithreacha Saor ó Thobac
  • Gníomhaíocht Fhisiciúil
  • Sláinte & Sábháilteacht
  • Meabhairshláinte
  • Bia Sláintiúil
  • Iontocsainigh

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Marc KeepWell anseo freisin www.thekeepwellmark.ie