Dul ar Scor

Baineann an polasaí thíos le comhaltaí foirne na hOllscoile a imíonn ar scor ón Ollscoil. 

Ba chóir don fhoireann acadúil ar mian leo dul ar scor an Fhoirm Scoir agus Éirithe as (Foireann Acadúil) thíos a líonadh, fógra trí mhí a thabhairt, an fógra ag dul in éag ar an lá deiridh de sheimeastar léachtaí (i.e. 31 Nollaig nó 30 Meitheamh).

Ba cheart d’fhoireann neamhacadúil ar mian leo dul ar scor an Fhoirm Éirithe As agus Scoir (Foireann Neamh-acadúil) thíos a líonadh, agus fógra míosa a thabhairt.

Seo a leanas an próiseas le fógra a thabhairt:

Foireann Acadúil – Fógra chuig: Ceann Scoile, Déan an Choláiste, an Oifig AD, Comhpháirtí Gnó AD agus Oifig na bPinsean.

Foireann Tacaíochta, Theicniúil, na Leabharlainne agus Taighde – Fógra chuig: Ceann Aonaid, an Oifig AD, Comhpháirtí Gnó AD agus Oifig na bPinsean.

An rún chun oibre thar 65 bliain d’aois:

Más mian le comhalta foirne leanúint ar aghaidh ag obair thar 65 bliain d’aois iarrtar orthu fógra trí mhí a thabhairt maidir lena rún. Seo a leanas an próiseas le fógra a thabhairt:

Foireann Acadúil – Fógra chuig: Ceann Scoile, Déan an Choláiste, an Oifig AD, Comhpháirtí Gnó AD agus Oifig na bPinsean.

Foireann Tacaíochta, Theicniúil, na Leabharlainne agus Taighde – Fógra chuig: Ceann Aonaid, Oifig AD, Comhpháirtí Gnó AD agus Oifig na bPinsean.