Cad a dhéanfaidh mé murar féidir liom teacht ar mo Chárta Aitheantais?

  • Tá sé riachtanach go gcuirfidh tú Deasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn ar an eolas láithreach má chailleann tú do chárta nó má ghoidtear é 
  • Chun cárta nua a iarraidh, cliceáil ar an bhFoirm ar líne le Cárta Aitheantais nua a ordú agus cuirfimid an cárta sa phost chuig do sheoladh. 

FOIRM CHUN CÁRTA AITHEANTAIS NUA A ORDÚ 

Foirm Iarratas ar Íocaíocht a dhéanamh ar líne

  • Is féidir cárta nua a sholáthar duit ar chostas €20. 
  • Má goideadh do chárta aitheantais caithfidh tú cóip de thuairisc coire an Gharda Síochána a sheoladh chuig askregistry@universityofgalway.ie
  • Ní mór go mbeadh ainm an Gharda a bhí ag fiosrú na coire ar an tuairisc chomh maith leis an Uimhir Theagmhais Pulse agus ní mór í a bheith sínithe ag an gCeannfort atá i gceannas.
  • Ba chóir go dtuigfeadh mic léinn gur cion tromchúiseach é tuairisciú bréagach a dhéanamh ar choir.
  • Mura gcuireann tú an Ollscoil ar an eolas tá an baol ann go gcuirfí líomhaintí tromchúiseacha i do leith maidir le claonpháirtíocht in úsáid chalaoiseach do chárta aitheantais Ollscoil na Gaillimhe.
  • Má thagann tú ar chárta aitheantais seol chuig Deasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn é le do thoil.