Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar na scoileanna samhraidh seo a leanas: an Léann Éireannach, an Ghaeilge, Éiceolaíocht agus Gnó & Bainistíocht Idirnáisiúnta ar an Tairseach maidir le hIarratais ar Líne.  Osclófar an tairseach maidir le hiarratais ar líne ar an 4 Samhain 2022 go dtí an 30 Aibreán 2023.

Déantar iarratas ar na Scoileanna Seandálaíochta a sheoladh díreach chuig an scoil atá i gceist.  Cliceáil ar an scoil atá i gceist chun tuilleadh sonraí a fháil ar na nósanna imeachta maidir le hiarratais, spriocdhátaí iarratais agus eolas ábhartha: Scoil Allamuigh Seandálaíochta Acla, Scoil Allamuigh Seandálaíochta Chathair Chonaill, Scoil Allamuigh Seandálaíochta na Gaillimhe.

Leideanna chun iarratas a dhéanamh ar an Tairseach maidir le hIarratais ar Líne
  1. Féach ar riachtanais iontrála do chúrsa. Tá siad seo liostaithe faoin táb dar teideal Príomhfhíricí ar leathanaigh ghréasáin na gcúrsaí.
  2. Seiceáil spriocdháta an chúrsa. De ghnáth bíonn spriocdhátaí do na cúrsaí seo a leanas: an Léann Éireannach, an Ghaeilge, Éiceolaíocht, Gnó & Bainistíocht Idirnáisiúnta ann i dtreo dheireadh mhí Aibreáin gach bliain acadúil. Déantar iarratais ar na Scoileanna Seandálaíochta a sheoladh go díreach chuig na scoileanna atá i gceist agus tá spriocdhátaí ar leith ag gach cúrsa a athraíonn gach bliain – cinntigh go dtagraíonn tú do leathanaigh an chúrsa chun gach eolas ábhartha a fháil ar an spriocdháta a bhaineann le hábhar agus cinntigh go gcloíonn tú leis an spriocdháta seo.
  3. Bíodh do chuid  Cáipéisí Tacaíochta ar fad réidh le huaslódáil agat le d’iarratas. Iarrfar ort iad seo a chur isteach le linn an phróisis iarratais.
  4. Téigh chuig an Tairseach maidir le hIarratais ar Líne agus cruthaigh cuntas. Beidh cuntas ríomhphoist gníomhach ag teastáil chun cuntas a chruthú agus chun an córas iarratais a úsáid. Treorófar thú tríd an gcóras, céim ar chéim, go dtí go gcríochnaíonn tú an fhoirm ar líne. Chun treoracha céim ar chéim a fháil, féach ar an Treoirleabhar maidir le hIarratais‌.
  5. Léigh agus freagair na ceisteanna go léir ar an bhfoirm iarratais go cúramach agus go cruinn, sa Treoirleabhar maidir le hIarratais. Tabhair aird ar leith ar na céimeanna seo a leanas:

    D’iarratasóirí ar an Léann Éireannach agus an Éiceolaíocht, cinntigh go gcuireann tú ainmneacha na modúl a roghnaíonn tú san áireamh sa chuid ábhartha – ní mór d’iarratasóirí an Léinn Éireannaigh 2 mhodúl a roghnú (féach modúil an chúrsa chun na sonraí a fháil), agus ní mór d’iarratasóirí Éiceolaíochta a roghanna modúil a chur in iúl lena ndátaí teachta agus imeachta a dhéanamh amach.

    Cinntigh gurb é an t-ainm a chuireann tú síos an t-ainm céanna atá ar an gcáipéis Cruthúnais Aitheantais a d’uaslódáil tú.

    Sa mhír “Eolas faoi Tháillí”, cuir isteach “Níl” faoin dá cheist thíos – tá sé seo ar cheann de na ceisteanna caighdeánaithe ar fhoirmeacha iarratais uile Ollscoil na Gaillimhe. Níl aon impleacht aige ar iarratais ar an Scoil Samhraidh mar tá na costais socraithe.

    Is riachtanas éigeantach í d’fhianaise GPA do phróiseas iarratais na Scoile Samhraidh. Cuir do scór in iúl ar an bhfoirm mar atá thíos agus ullmhaigh do chruthúnas GPA le huaslódáil mar Cháipéis Tacaíochta ag deireadh an phróisis.

    Ní theastaíonn Sonraí Scoile Dara Leibhéal ná Gradaim Sheachtracha/Cáilíochtaí Ábhartha Eile mar chuid d’iarratas na Scoile Samhraidh agus ba chóir é a fhágáil glan ar an bhfoirm.

    Cinntigh go ndéanann tú tagairt do Riachtanais an Bhéarla má tá iarratas á dhéanamh agat ó réigiún nach é an Béarla teanga labhartha an réigiúin sin.

    Ní bhaineann Taithí Oibre le hiontrálacha na Scoile Samhraidh agus mar sin ní gá é seo a líonadh.
  6. Uaslódáil cóip de gach cáipéis tacaíochta sna míreanna ábhartha faoin táb dar teideal Uaslódáil Cáipéisí Tacaíochta. Ní bheidh an chuid seo le feiceáil go dtí go mbeidh d’iarratas ‘curtha isteach’ agat. A luaithe a bheidh na cáipéisí ar fad uaslódáilte agat, ba cheart go n-athródh stádas d’iarratais go ‘críochnaithe’.
  7. Cinntigh go bhfaigheann tú rphost deimhnithe ag cur in iúl duit go bhfuil d’iarratas críochnaithe nuair a uaslódálann tú gach cáipéis éigeantach. Nuair a logálann tú isteach ar an tairseach, ba cheart go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil stádas d’iarratais ‘críochnaithe’.

ÁDH MÓR!

Conas Glacadh le tairiscint nó Diúltú do thairiscint ar áit?

Comhghairdeas, tá tairiscint faighte agat do do chúrsa páirtaimseartha tríd an gcóras iarratais ar líne. Má tá sé ar intinn agat glacadh leis an tairiscint/diúltú don tairiscint, léigh an t-eolas seo a leanas. 

Chun glacadh le nó diúltú do thairiscint dhaingean ar áit, beidh ort:

  • A chur in iúl an bhfuil tú ag glacadh leis an tairiscint nó nach bhfuil tríd an gcóras ar líne ach GLACAIMDIÚLTAÍM a chliceáil sa mhír chuí.
Cad a dhéanfaidh mé má tá fadhb agam le m’iarratas?

Má tá fadhb nó ceist agat maidir le d’iarratas, déan teagmháil le riarthóir an chúrsa ag: summerschool@universityofgalway.ie chun treoir a fháil.