Próiseas Agallaimh:

Claontacht Neamh-Chomhfhiosach:

Ní mór do gach ball de bhord agallaimh Oiliúint i gClaontacht neamh-chomhfhiosach a chur i gcrích. Mura bhfuil an oiliúint i gclaontacht neamh-chomhfhiosach curtha i gcrích agat cheana féin, déan socrú lena dhéanamh tríd an gcúrsa oiliúna ar líne i gClaontacht Neamh-chomhfhiosach. Is féidir logáil isteach ar an nasc seo (cuirfidh an fhoireann Foghlama agus Forbartha (L&D) pasfhocail ar fáil). Má tá baill sheachtracha den bhord le clárú, seol a n-ainmneacha iomlána mar aon lena seoltaí ríomhphoist chuig learninganddevelopment@universityofgalway.ie.


Sceidealú na nAgallamh

Is é/í an Príomhthaighdeoir, nó a (h)ainmní, atá freagrach as ionad feiliúnach a aithint agus a chur in áirithe do na hagallaimh agus as na hagallaimh a sceidealú. 

  • Rachaidh an Príomhthaighdeoir i dteagmháil leis na hiarrthóirí ar an ngearrliosta agus tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh ar cheann de na dátaí a bhí beartaithe roimh ré le haghaidh na n-agallamh. 
  • Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí dóthain fógra d’iarrthóirí faoi agallamh chun neart ama a thabhairt dóibh ullmhú lena aghaidh. Is minic a bhíonn ar iarrthóirí socruithe taistil a dhéanamh chomh maith. Moltar fógra 10 lá oibre ar a laghad a thabhairt d’iarrthóirí faoi agallamh. 
  • Sa chás nach féidir le hiarrthóir freastal ar an lá beartaithe, is faoin gCoiste a bheidh sé an cinneadh a dhéanamh an féidir nó nach féidir dáta eile a thairiscint dó/di.

Ag Ullmhú d’Agallamh

Tráth an ghearrliostaithe, ba chóir don Choiste Roghnaithe (faoi stiúir an Phríomhthaighdeora) plean a dhréachtú don agallamh ina sanntar réimse ceisteanna ar leith do gach ball den Choiste bunaithe ar na treoirlínte d’inniúlachtaí.

Ba chóir don Choiste Roghnaithe: 

  • Roinnt buncheisteanna a roghnú a bheidh mar bhonn leis an agallamh agus a chuirfear ar gach iarrthóir. Is féidir ceisteanna breise nó ceisteanna soiléirithe a chur le cois na mbuncheisteanna aontaithe. 
  • A gcuid ceisteanna a bhunú ar chritéir roghnúcháin atá sonraithe san fhógra agus sna critéir. 
  • Díriú ar na scileanna, an taithí agus an t-eolas atá ag teastáil don phost. 
  • Córas rátála agus marcála a shocrú roimh ré le húsáid sna hagallaimh, chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht a chinntiú. Ní mór don Phríomhthaighdeoir (nó a (h)ainmní) a chinntiú go bhfuil na ceisteanna a chuirtear ábhartha don phost agus bunaithe ar chritéir aontaithe. Ina theannta sin, ní mór don Phríomhthaighdeoir (nó a (h)ainmní) a chinntiú go bhfuil ceisteanna saor ó aon ní a d’fhéadfaí a fhorléiriú mar cheist idirdhealaitheach í faoi na naoi bhforas a gcuirtear síos orthu san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 (Inscne, Claonadh Gnéis, Míchumas, Stádas Sibhialta, Creideamh, Cine, Stádas Teaghlaigh, Aois, agus Ballraíocht den Lucht Siúil).

Beidh na Cáipéisí Agallaimh faighte agat i ríomhphost ó do chomhairleoir earcaíochta tráth a fógraíodh an post. 


Stiúradh an Agallaimh – ar an Lá

Sula dtosaíonn na hagallaimh, ba chóir don Chathaoirleach an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Dóthain ama a chur ar fáil leis an ord ina gcuirfear na ceisteanna a phlé agus cinneadh a dhéanamh ceisteanna faoi leith a fhágáil faoi chomhaltaí boird ar leith; 
  • Baill an Choiste Roghnaithe a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta atá ann chun cuntas a choinneáil ar mheasúnú na n-iarrthóirí agus ar an gcinneadh deiridh.

Ag tús gach agallaimh, ba chóir don Chathaoirleach an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • An t-iarrthóir a chur in aithne don Choiste Roghnaithe 
  • Aidhm agus struchtúr an agallaimh a mhíniú don iarrthóir 
  • An t-iarrthóir a chur ar an eolas gur féidir leis an gCoiste Roghnaithe nótaí a ghlacadh.

Roghnú an iarrthóra mholta 

  • Ba chóir fiúntas a mheas go cáilíochtúil agus go cainníochtúil araon, ag díriú ar thoradh slí beatha éagsúlaithe, agus ag cur sosanna gairme, forbairt ghairmiúil ar feadh an tsaoil, agus luach breise na taithí neamh-thaighde san áireamh, ag an am céanna agus inniúlachtaí a mheas. 
  • Ní hionann i gcónaí an duine a dhéanann an t-agallamh is fearr agus an duine is fearr don phost. 
  • Mura bhfuil an Coiste Roghnaithe in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an iarrthóir roghnaithe, is faoin gCathaoirleach atá an cinneadh deiridh.
  • Má mheasann an Coiste Roghnaithe nach gcomhlíonann aon iarrthóir critéir an cheapacháin, ní cheapfar éinne agus ní mór an post a fhógairt an athuair.

Cáipéisí le cur ar ais chuig an Oifig AD chun an t-iarrthóir rathúil a cheapadh

Ba chóir do thráchtanna ar bhileoga marcála a dtagraíonn d’fhiúntas an iarrthóra mholta i gcomórtas le hiarrthóirí eile a bheith bunaithe ar na critéir roghnúcháin amháin. Is mór an cúnamh í cáipéisíocht atá soiléir agus mionsonraithe sa chás go n-iarrtar aiseolas i ndiaidh agallaimh agus/nó má dhéantar achomharc.

Ar chríochnú an phróisis agallaimh, ní mór do gach ball den Choiste Roghnaithe na cáipéisí seo a leanas a chomhlánú agus a ríomhshíniú agus caithfidh an Príomhthaighdeoir iad a sheoladh ar ais chuig an gcomhairleoir earcaíochta mar aon le haon cháipéisíocht ábhartha eile lena n-áirítear nótaí a glacadh le linn na n-agallamh:

Treoir chun PPF (ceadú maoinithe chun taighdeoir a fhostú) a Líonadh agus a Leagan Isteach – Ollscoil na Gaillimhe

Tabhair faoi deara: Maidir leis na cáipéisí gearrliostaithe agus agallaimh go léir: Ní mór don Phríomhthaighdeoir/Aonad iad a choimeád slán ar feadh dhá bhliain ar a laghad, CVanna agus nótaí san áireamh. Ní mór iad a chomhlíonadh de réir reachtaíocht Saorála Faisnéise agus iarratais ar aiseolais ó iarrthóirí. (féach Polasaí Saorála Faisnéise – Ollscoil na Gaillimhe le haghaidh tuilleadh eolais). Ní mór cóipeanna de cháipéisí (cóipeanna d’iarratais san áireamh) a dhiúscairt go sábháilte.