Athnuachan Conarthaí

Athnuachan Conarthaí / Iarratas ar FTE a Leasú (Taighdeoirí a íoctar as cuntas “R”)

Ní mór don bhainisteoir earcaíochta an t-eolas a leanas a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh an athrú/athnuachan

  • An chúis leis an gconradh a athnuachan ar bhonn sealadach, nó an cuspóir lena aghaidh 
  • Dearbhú ainm an tionscadail ar a mbeidh an taighdeoir ag obair
  • An t-ionad costais lena mbaineann an taighdeoir
  • Foirm Togra Poist (PPF) agus í faofa. Féach an nasc thíos

Tabhair do d’aire nach féidir ‘conarthaí nua aonuaire, ar thréimhse níos lú ná 6 mhí’, a athnuachan. Más mian leat síneadh a chur leis an bpost thar na 6 mhí tosaithe, ní mór an post a fhógairt de réir pholasaí na hollscoile agus ba chóir duit dul i gcomhairle leis an bhfoireann Earcaíochta ina leith.

Athnuachan Conarthaí / Iarratas ar FTE a Leasú (Aonad Tacaíochta Acadúla & Gairmiúla, íoctha as cuntas “R”) 

Ní mór don bhainisteoir earcaíochta an t-eolas a leanas a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh an athrú/athnuachan

  • An chúis leis an gconradh a athnuachan ar bhonn sealadach, nó an chuspóir lena aghaidh
  • Faomhadh Dhéan Feidhmiúcháin an Choláiste (ba chóir faomhadh an Déin a lorg ar ríomhphost agus do Chomhpháirtí Gnó AD a chóipeáil ar an gcomhfhreagras)
  • Faomhadh Bhainisteoir Airgeadais an Choláiste 

Athnuachan Conarthaí / Iarratas ar FTE a Leasú (gach post a íoctar as cuntas “D”)  

Ní mór don bhainisteoir earcaíochta an t-eolas a leanas a sholáthar i scríbhinn tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh an athrú/athnuachan.

  • An chúis leis an gconradh a athnuachan ar bhonn sealadach, nó an cuspóir lena aghaidh. 
  • Faomhadh ó do bhaill d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile (UMT) (ba chóir faomhadh a lorg ó do bhall den UMT ar ríomhphost agus an bainisteoir AD a thugann tacaíocht don oifig agat a chóipeáil ar an gcomhfhreagras)
  • Faomhadh ó Bhainisteoir Airgeadais an Choláiste/Cuntas Bainistíochta
 

Foirm Ceadaithe Poist

Foirm