- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Taighdeoir atá luaite ar iarratas nó ar dhámhachtain deontais a fhostú
Earcú Taighdeoirí atá Ainmnithe ar Dhámhachtainí Deontais/Pearsanta.
Sa chás go bhfuil daoine ar leith ainmnithe ar dhámhachtainí deontais, nó go bhfaigheann duine dámhachtain phearsanta lena n-áirítear dámhachtain Marie Sklodowska-Curie, IRC, nó ERC, eiseoidh an Oifig AD conradh fostaíochta a bheidh ceangailte leis an dámhachtain nó leis an deontas aonair.
Seo a leanas roinnt samplaí;
- Is comh-iarratasóir ar dhámhachtain é/í an taighdeoir,
 - Tá cuid mhór den deontas/taighde scríofa ag an taighdeoir,
 - Tá saineolas ag an taighdeoir atá riachtanach chun an tionscadal a chur i gcrích.
 
NB: beifear ag súil go mbeidh an duine ainmnithe ag leibhéal taighdeora iardhochtúireachta, ar a laghad.
1. Chun duine atá ainmnithe go sonrach ar dhámhachtain phearsanta a fhostú, ní mór na nithe a leanas a sheoladh chuig hrresearch@universityofgalway.ie
- Curriculum vitae an fhostaí nua molta
 - Cóip den dámhachtain deontais/litir tairisceana (gníomhaireacht mhaoinithe)
 - Liosta gairid dualgas
 - Teideal/ainm deimhnithe an tionscadail.
 - Dearbhú go ndearna an Príomhthaighdeoir teistiméireachtaí agus cáilíochtaí a sheiceáil, agus go bhfuil sé/sí sásta an duine ainmnithe a earcú.
 - Dearbhú go bhfuil cónaí ar an iarrthóir in Éirinn, agus go gcomhlíonfaidh sé/sí a ndualgais ar an gcampas nó ó chian trí shocrú hibrideach atá aontaithe lena b(h)ainisteoir líne.
 - Dearbhú cibé acu go dteastaíonn nó nach dteastaíonn Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána don ról
 
Más dámhachtain idirnáisiúnta nó dámhachtain comhpháirtí tionscail atá i gceist, ní mór don Phríomhthaighdeoir na nithe a leanas a dheimhniú;
- Ainm agus seoladh na comhaltachta tionscail/an tsuímh dhomhanda.
 - Ná dátaí a mbeidh an taighdeoir lonnaithe ar an suíomh comhpháirtíochta
 - Ainm mheantóir an taighdeora ar an suíomh comhpháirtíochta
 - Copy of Secondment Agreement
 
2. Cuntas Taighde/Ionad Costais a Oscailt:
- Cuir an t-oifigeach tacaíochta taighde ar Fhoireann Réamhdhámhachtana na hOifige Taighde – an té lena raibh tú ag déileáil tráth d’iarratais – ar an eolas ar chloisteáil duit gur éirigh leat dámhachtain a fháil, agus deanfaidh sé/sí thú a stiúradh trí na chéad chéimeanna eile.
 - Socróidh Foireann Iardhámhachtana na hOifige Taighde an cuntas taighde lena mbaineann do dhámhachtain. Déanfar seo nuair atá na cáipéisí riachtanacha dlí a bhaineann leis an dámhachtain sínithe. Tabharfaidh Foireann Réamhdhámhachtana na hOifige Taighde treoir duit i ndáil leis seo.
 - Tá sonraí teagmhála Fhoirne Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Réamhdhámhachtana agus Iardhámhachtana na hOifige Taighde le fáil anseo: Foireann na hOifige Taighde.
 
3.Faomhadh Iar-Mhaoinithe:
- Seol PPF* comhlánaithe chuig Oifig na gCuntas Taighde, le do thoil. (Cuirfidh Oifig na gCuntas Taighde ar aghaidh chuig an Oifig AD é ar a fhaomhadh).
 - I gcás Dámhachtainí Marie Curie, ní mór PPF Marie Curie a iarradh ó Oifig na gCuntas Taighde le faomhadh.
 
NB: Earcú daoine as tíortha eile. Tá sé deacair treoir ghinearálta a thabhairt, ach bheadh sé riachtanach na tréimhsí fógartha a leanas a thabhairt don Oifig AD agus comhaltaí foirne á n-earcú;
- Saoránaigh de chuid na hÉireann - 1 mhí
 - Saoránaigh AE - 2 mhí
 - Saoránaigh Neamh-LEE - 3 mhí
 
				