Próiseas & Nós Imeachta Gearrliostúcháin

Within 5 working days of the job advertisement closing, the Board of Assessors for the post will receive access to applications, shortlisting and interview documents located on core portal. 

Ba cheart do gach ball den Choiste Roghnaithe freastal ar chruinniú gearrliostaithe eagraithe ag an bPríomhthaighdeoir (nó a (h)ionadaí). Ní mór do gach ball den Choiste Roghnaithe na hiarratais go léir a léamh agus iad a mheas de réir na gcritéar roghnúcháin riachtanach agus inmhianaithe amháin. Ba chóir na hiarratais a chomhlíonann na critéir riachtanacha a chur ar ghearrliosta, agus nóta gonta a chur leis na hiarratais nach gcuirtear ar ghearrliosta.  

  • Cuir gach iarrthóir a chomhlíonann na critéir riachtanacha, mar a bhí sonraithe san fhógra poist, ar an ngearrliosta.  

  • Déan nóta gairid de na cúiseanna nár éirigh leis na hiarrthóirí eile dul ar an ngearrliosta.  

Ba chóir do bhaill an choiste na nithe a leanas a sheachaint agus gearrliosta á dhéanamh acu:  

  • Teacht ar thuairim nó cinneadh diúltach bunaithe ar dhuine a bheith rócháilithe don phost, dar leo.  

  • Teacht ar thuairim nó cinneadh diúltach bunaithe ar cháilíochtaí bainte amach thar lear nach bhfuil aon eolas acu orthu.  

  • Iarrthóir nach gcomhlíonann na critéir riachtanacha – is cuma cé acu iarrthóir inmheánach nó seachtrach iad – a chur chun cinn le haghaidh agallaimh.  

  • Socrú a dhéanamh roimh ré maidir le líon na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh.  

Sa chás nach féidir leis an gCoiste Roghnaithe ar fad teacht le chéile, tá sé de fhreagracht ar an bPríomhthaighdeoir (nó a (h)ionadaí) teagmháil a dhéanamh leis na baill uile chun a ngearrliostaí pearsanta a fháil, agus gearrliosta deiridh a thiomsú de na hiarrthóirí a bhfuil na baill go léir sásta leo.  

Dualgais an Choiste Roghnaithe:  

  • Gearrliosta deiridh a aontú agus a thaifeadadh sa chás go bhfuil an coiste ar aon fhocal faoi, bunaithe ar na critéir riachtanacha agus inmhianaithe leagtha amach san fhógra poist  

  • Na hiarrthóirí a bhfuil easaontas fúthu a chur ar an ngearrliosta sa chás nach bhfuil siad ar aon fhocal faoi.  

  • Smaoineamh ar an bpost a athfhógairt sa chás nach gcomhlíonann aon iarrthóir na critéir riachtanacha.  

  • An gearrliosta a ghiorrú má chomhlíonann líon mór iarrthóirí na critéir riachtanacha. Déanfar amhlaidh trí na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir inmhianaithe a bhaint den liosta, agus/nó na hiarrthóirí is fearr a chomhlíonann na critéir riachtanacha a rangú.  

  • N.B. Teacht ar chomhaontú maidir le réimse ceisteanna feiliúnacha, teideal láithreoireachta más cuí, chomh maith le dáta agus ionad oiriúnach do na hagallaimh 

Cáipéisí Gearrliostaithe  

  • Ní mór don Chathaoirleach an Fhoirm Ghearrliostaithe a chomhlíonadh chun cinntí an Choiste a dhearbhú agus a thuairisciú. Is bunaithe ar an tuairisc seo a thabharfar aiseolas d’iarrthóirí a iarrann é ina dhiaidh, agus ba chóir réasúnaíocht chuimsitheach shoiléir a thabhairt leis an gcinneadh gan iarrthóir a chur san áireamh. Ní bhíonn nótaí marcála aonair ag teastáil ach amháin má theipeann ar iarrthóir comhghaol follasach a léiriú idir a c(h)uid scileanna, eolais agus cumais, agus na critéir roghnúcháin leagtha amach don ról.  

  • A luaithe is atá gearrliosta aontaithe ag an gCoiste, ba chóir don Phríomhthaighdeoir (nó a (h)ionadaí) teagmháil a dhéanamh leis na hiarrthóirí ar an ngearrliosta agus na hagallaimh a eagrú. Ba cheart don teagmháil sin a bheith ar cháipéisí cuiridh atá faofa ag an Oifig AD (litir/ríomhphost) agus an t-eolas a leanas sonraithe ann: láthair an agallaimh, am an agallaimh, eolas maidir le héileamh ar chostais (má bhaineann le hábhar), agus aon eolas eile.  

  • Ba chóir do na hiarrthóirí nach n-éiríonn leo dul ar an ngearrliosta litir/ríomhphost a fháil ón bPríomhthaighdeoir (nó a (h)ionadaí) laistigh de sheachtain ó dháta an chruinnithe gearrliostaithe agus cinneadh an bhoird á chur in iúl dóibh.  

 NÓTA: Ní féidir teimpléid oifigiúla litreach ná foirme Ollscoil na Gaillimhe a leasú