Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta

Fáilte chuig Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Ollscoil na Gaillimhe. Gach bliain cuireann an Ollscoil fáilte roimh bhreis is 300 scoláire idirnáisiúnta a bhfuil suim acu sa Léann Éireannach, Oideachas in Éirinn, an Ghaeilge, Éiceolaíocht, Gnó agus Bainistíocht Idirnáisiúnta, Béarla, Seandálaíocht agus Geolaíocht.

Tugann cúrsaí na Scoile Samhraidh léargas maith, ilchineálach do na scoláirí ar an ábhar. Is léachtóirí agus daoine gairmiúla den scoth a bhfuil réimse leathan saineolais acu ina n-ábhair féin a bhíonn ag teagasc ar na cúrsaí seo.

Cuid lárnach de chúrsaí na scoile samhraidh iad na turais oideachais a dhéanann na scoláirí a thugann an deis dóibh eolas praiticiúil a chur ar ábhar ar leith. I rith do thréimhse staidéir, beidh deis agat eolas a chur ar Chathair na Gaillimhe agus ar áiteanna eile in Éirinn atá in aice láimhe.

Cathair na Gaillimhe

Suite ar chósta thiar na hÉireann, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, meastar gurb í Cathair na Gaillimhe príomhchathair chultúir na hÉireann.  Is Cathair Scannán UNESCO í Gaillimh a roghnaíodh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 le gairid.

Tá atmaisféar boihéamach le brath i nGaillimh lena sráideanna cúnga meánaoiseacha, foirgnimh stairiúla, ceoltóirí sráide, aghaidheanna ildaite siopaí agus saol sóisialta bríomhar.  Bíonn an Chathair beo le fuinneamh le linn mhí Iúil nuair a bhíonn séasúr na bhféilte i mbarr a réime. Meallann Fleá Scannán na Gaillimhe, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus Féile Imeallach na Gaillimhe cuairteoirí ar fud an domhain chun blaiseadh a fháil den cheol, scannán, drámaíocht, litríocht agus amharc-ealaíona is fearr. Tá féile rásaíochta capall a mhaireann ar feadh seachtaine, Rásaí na Gaillimhe, a bhíonn ar siúl ag deireadh mhí Iúil ar an bhféile rásaíochta is mó cáil in Éirinn.

Tuilleadh Eolais