Ráiteas cóipchirt do láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe

Léigh na téarmaí agus na coinníollacha seo go cúramach sula mbainfidh tú úsáid as an láithreán seo.

Agus úsáid á baint agat as an láithreán gréasáin seo, aontaíonn tú leis na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo. Mura n-aontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, ná húsáid láithreán gréasáin Ollscoil na hÉireann le do thoil. Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe, faoinár rogha féin, codanna de na téarmaí seo a athrú, a mhionathrú, cur le codanna de na téarmaí seo nó codanna de na téarmaí seo a bhaint amach tráth ar bith. Ba chóir duit na téarmaí seo a sheiceáil go tréimhsiúil go bhfeicfidh tú an bhfuil aon athrú déanta orthu. Má leanann tú de láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe a úsáid, ciallaíonn sé sin go nglacann tú leis na hathruithe a dhéantar go tréimhsiúil ar na téarmaí agus na coinníollacha seo.

Srianta ar úsáid na n-ábhar

Is í Ollscoil na Gaillimhe úinéir an láithreáin gréasáin seo agus is í atá i mbun a fheidhmithe. Maidir le haon ábhar ó láithreán gréasáin Ollscoil na Gaillimhe nó aon láithreán gréasáin atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Ollscoil na Gaillimhe nó aon láithreán gréasáin atá á cheadúnú nó á fheidhmiú ag Ollscoil na Gaillimhe, ní fhéadfar an t-ábhar sin a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a tharchur, ná a dháileadh ar shlí ar bith, ach amháin go bhféadfaidh tú cóip amháin de na hábhair a íoslódáil ar aon ríomhaire aonair amháin le go bhféadfaidh tú iad a úsáid duit féin sa bhaile ar bhonn neamhthráchtála, agus don úsáid sin amháin, agus ar choinníoll go gcoinneoidh tú slán gach fógra cóipchirt agus gach fógra dílseánaigh eile. Sárú ar chóipcheart Ollscoil na Gaillimhe agus ar chearta eile um maoin intleachtúil is ea na hábhair a mhionathrú nó na hábhair a úsáid chun aon chríche eile. Chun críocha na dtéarmaí seo, tá cosc ar aon ábhar den sórt sin a úsáid ar láithreán gréasáin ar bith eile nó i dtimpeallacht líonraithe ríomhairí ar bith eile.

Ach amháin de réir mar a thugtar a mhalairt le fios in áit éigin eile ar an láithreán seo, tá cosc glan ar aon chuid d'inneachar agus grafaic eagarthóireachta Ollscoil na Gaillimhe ar líne a úsáid chun AON CHRÍCHE. Tá codanna uile an láithreáin gréasáin seo faoi chosaint agus NÍ FHÉADFAR IAD A CHÓIPEÁIL NÁ AITHRIS A DHÉANAMH ORTHU GO hIOMLÁN NÁ GO PÁIRTEACH. Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, ní fhéadfar cód foinseach arna chur ar fáil ag Ollscoil na Gaillimhe a úsáid ar líne ná as líne ach amháin chun críocha pearsanta, faisnéise, neamhthráchtála. Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe údarú den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith, agus scoirfear d’aon úsáid den sórt sin láithreach ach a bhfaighfear fógra ina leith sin ó Ollscoil na Gaillimhe.

Saincheisteanna Dlínsiúla

Tá an láithreán gréasáin seo á rialú agus á fheidhmiú ag Ollscoil na Gaillimhe óna cuid oifigí i gCathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Éire. Aontaíonn tú nach ndéanfar aon chúis caingne ó thaobh dlí ná cothromais a éiríonn as na téarmaí seo nó a bhaineann leis na téarmaí seo a chomhdú ach i gcúirteanna in Éirinn agus toilíonn tú leis seo le dlínse phearsanta na gcúirteanna sin agus géilleann tú do dhlínse phearsanta na gcúirteanna sin chun críoch aon chaingean den sórt sin a thabhairt chun dlí. Ní thugann Ollscoil na Gaillimhe le fios ar chor ar bith go bhfuil ábhair atá sa láithreán oiriúnach nó ar fáil lena n-úsáid i suímh eile. Daoine a thograíonn an láithreán seo a rochtain ó shuímh eile, déanann siad é sin ar a gconlán féin agus tá siad freagrach as déanamh amhlaidh de réir dlíthe áitiúla, má tá dlíthe áitiúla infheidhme agus a mhéid atá siad infheidhme.

Foirceannadh

Beidh na téarmaí seo i bhfeidhm go dtí go bhfoirceannfaidh ceachtar páirtí iad. Féadfaidh tú na téarmaí seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí gach ábhar a bheidh faighte ó aon láithreán agus gach láithreán de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus gach cáipéis ghaolmhar agus gach cóip agus gach suiteáil dá gcuid sin, bídís déanta faoi na téarmaí seo nó ná bíodh, a scriosadh. Foirceannfar na téarmaí seo láithreach gan fógra ó Ollscoil na Gaillimhe más rud é, faoi rogha Ollscoil na Gaillimhe agus faoi sin amháin, go dteipeann ort comhlíonadh le haon téarma nó coinníoll de chuid na dtéarmaí seo. Ach a bhfoirceannfar na téarmaí seo, caithfidh tú gach ábhar a bheidh faighte ón láithreán seo agus aon láithreán agus gach láithreán de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus gach cóip dá gcuid sin, bídís déanta faoi théarmaí na dtéarmaí seo nó ná bíodh, a scriosadh.