Fáilte chuig Roinn na Staire

 

Chun tuiscint a fháil ar dhomhan an lae inniu ní mór tuiscint a fháil ar an am a caitheadh. Mar mhac léinn sa Stair in OÉ Gaillimh, déanfaidh tú iniúchadh ar an am a caitheadh go háitiúil agus ar fud an domhain, ag díriú ar stair na hÉireann, na Breataine, na Mór-Roinne, Mheiriceá Thuaidh, na hAstraláise agus na hAfraice. Déanfaidh tú staidéar ar réimse leathan téamaí cosúil le náisiúntacht, coilíneacht, sclábhaíocht, óige, inscne agus cogadh; agus go leor tréimhsí ama éagsúla, ó na Meán-Aoiseanna go dtí deireadh an fhichiú haois. Mar mhac léinn sa Stair, foghlaimeoidh tú faoin méid a tharla san am a caitheadh, ach ní hé an méid sin amháin, beidh tú oilte freisin ar na teicnící atá luachmhar in go leor bealaí gairme. Foghlaimeoidh tú faoi eolas a lorg i leabharlanna, i gcartlanna agus ar an idirlíon, an chaoi cruinneas éilimh a thástáil i gcoinne na fianaise atá ar fáil, agus an chaoi argóint chomhleanúnach a chur le chéile agus é a chur in iúl go héifeachtach - scileanna atá riachtanach in aon phost.


Eolas Ginearálta

 Eolas Fochéime: An Chéad BhliainAn Dara BliainAn Bhliain Deiridh 

 Naisc Idirnáisiúnta: Idir an dara bliain agus an bhliain deiridh, d'fhéadfá staidéar a dhéanamh ar Stair ar chlár malairte in ollscoil san Eoraip nó i Meiriceá Thuaidh, mar shampla in Strasbourg, Leiden, Mainz agus Strathclyde. Múintear cuid mhaith de na cláir seo trí Bhéarla. Is deis iontach í an bhliain thar lear le teanga nua a fhoghlaim nó inniúlacht teanga atá agat cheana féin a fhorbairt. Tugann sé an deis do mhic léinn chomh maith taithí a fháil ar thimpeallachtaí sóisialta, cultúrtha agus acadúla éagsúla.

Deiseanna Gairme: Tá an-luach ag na cineálacha scileanna taighde, scríbhneoireachta agus anailíse a bhainfidh tú amach mar mhac léinn le Stair san ionad oibre nua-aimseartha. Chuaigh ár gcéimithe le déanaí i mbun oibre i réimsí éagsúla, lena n-áirítear iriseoireacht, dlí, cartlanna, an tseirbhís phoiblí, riarachán ealaíon, foilsitheoireacht, teagasc, scríbhneoireacht óráidí agus comhairliúchán bainistíochta.

Teistiméireachtaí ó mhac léinn: 'Scríobhaim chuile lá faoi gach saghas ábhair ó dhúnmharú go cluichí rugbaí, ach is é an cumas cartlannaithe, scríbhneoireachta, léirmhínithe agus achoimre a dhéanamh ar fhíricí, na scileanna go léir a fuair mé an chéad uair in OÉ Gaillimh sa Stair, a sheasann dom agus tá súil agam go gcuireann said mo ghairmiúlacht chun cinn.’ Luke Henderson, Iriseoir, An Páipéar Nuachta Sligo Weekender

'B’iontach an taithí a bheith ag staidéar ar an stair in OÉ Gaillimh. Chuir an raon leathan cúrsaí bunús maith ar fáil i dtréimhsí éagsúla, agus thug sé deis dom speisialtóireacht a dhéanamh i réimsí a raibh suim ar leith agam iontu go háirithe caidreamh idirnáisiúnta, forbairt agus staidéar inscne.' Aibhlín O’Leary, BA

Staidéar breise: Cláir Iarchéime

Na Meáin Shóisialta

‌    ‌  twitter image

Cumann Staire

Oibríonn an fhoireann agus mic léinn as lámha a chéile sa Chumann Staire, an cumann a bhuaigh duais don obair chultúrtha is mó ag Gradaim na gCumann in OÉ Gaillimh in 2015/16.

Tvuíteanna ó Roinn na Staire in Ollscoil na Gaillimhe

Twitter Roinn na Staire