SCOIL NA DTEANGACHA, NA LITRÍOCHTAÍ AGUS NA GCULTÚR

Fáilte, Croeso, Bienvenue, Benvenuto, Bienvenido, Salvete, Willkommen, Welcome.

Tá sé dhisciplín i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr: ClasaicíFraincisGaeilgeGearmáinisIodáilis agus Spáinnis, mar aon leis an ábhar an tSibhialtacht Cheilteach.

Cuireann an meascán neamhghnách seo deiseanna iontacha ar fáil don staidéar, idir an seansaol agus na forbairtí is comhaimseartha agus is ceannródaíche i dteangacha, i litríochtaí agus i gcultúir na hEorpa.  Lena chois sin, áiríonn sé teangacha dúchasacha na Breataine agus na hÉireann, agus tionscnaimh sa tSínis.  Astu féin nó le chéile, cinntíonn roghanna disciplíneacha dá leithéid go mbeidh dea-scileanna teangeolaíocha agus smaointeoireachta criticiúla sealbhaithe ag céimithe, rud a chinnteoidh go mbeidh an láimh in uachtar acu i margadh iomaíoch fostaíochta. Tá breis is 40 comhalta foirne acadúil i mbun teagaisc agus taighde sa Scoil, agus tá 1700 mac léinn ag staidéar anseo. 

 

  FB

Fochéimithe

Tá 1600 mac léinn sa Scoil ag freastal ar chláir BA (Comhonóracha) nó ar chláir BA Idirnáisiúnta, mar aon le 400 mac léinn atá ag déanamh staidéir ar theanga mar chuid de chéim sa Tráchtáil, Dlí, Eolaíocht nó Innealtóireacht.  Chomh maith leis sin cuimsítear sa Scoil dhá chlár BA Connect - BA with Children’s Studies agus BA with Latin American Studies.  Reáchtálaimid roinnt cúrsaí dioplóma san oíche a bhfuil an-rath orthu, agus dioplóma ar líne san Iodáilis, mar aon le BA sa Fhraincis istoíche.

Léigh leat anseo

Iarchéimithe

Cuireann an Scoil cláir mhúinte MA ar fáil sna Clasaicí, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis.  Lena chois sin, tairgimid MA múinte in International Contemporary Literatures and Media.  Tá an Scoil meáite ar thaighde iarchéime a chur chun cinn agus d’éirigh thar barr lenár gcuid mac léinn le blianta beaga anuas scoláireachtaí IRC agus OÉ Gaillimh (Argadáin) a bhaint amach.  

Léigh leat anseo

Mic Léinn Idirnáisiúnta

Meallann ár gcláir mic léinn as tíortha ar fud an domhain lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhrasaíl, an tSín, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Eilvéis agus an Spáinn.  Cuirimid scata maith mac léinn go dtí an Eoraip, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Meiriceá Theas gach bliain freisin ar chláir mhalairte mac léinn nó ar shocrúcháin oibre.

Léigh leat anseo