SCOIL NA TÍREOLAÍOCHTA, NA SEANDÁLAÍOCHTA AGUS AN LÉINN ÉIREANNAIGH

Cuireann Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus An Léinn Éireannaigh cláir Dhioplóma, BA, MA, MSc, MLitt agus PhD ar fáil; tá foghlaim ó thaithí agus foghlaim allamuigh mar chroílár na gclár uile.  Déantar leibhéal ard taighde sa Scoil agus tá an fhoireann thar a bheith díograiseach agus éiteas mac léinn-lárnach i bhfeidhm acu.

Tá cáil mhaith orainn as sárchaighdeán sa taighde agus sa teagasc, le líonraí táirgiúla, comhoibríocha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá aitheantas faighte againn dár láidreachtaí taighde trí mhaoiniú iomaíoch a dhaingniú, lena n-áirítear Creatlach AE 7, Marie Curie, INTERREG, EPA, Acadamh Ríoga na hÉireann agus tionscadail maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

Cuimsíonn Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta réimse leathan leasa taighde, agus tagann go leor dár gcuid taighde chun cinn trínár bpríomhbhraislí taighde: Seandálaíocht na hÉireann agus na hEorpa Atlantaigh, Athrú Comhshaoil, Geopholaitíocht agus Ceartas, Pleanáil agus Inbhuanaitheacht, Léann Tuaithe agus an tAonad Taighde Pailéachomhshaoil agus Irish Studies: historical, cultural and social development of modern and contemporary Ireland.

 

FB‌  Twitter

Fochéimithe

Tá breis is 1300 mac léinn fochéime cláraithe i Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus an Léinn Éireannaigh.   Sealbhaíonn ár gcuid mac léinn réimse leathan scileanna anailíseacha, teicniúla agus cumarsáide atá luachmhar agus a bhfuil tóir orthu i mórán earnálacha fostaíochta. Tá foghlaim ó thaithí agus foghlaim allamuigh lárnach dár gclár fochéime mar atá léirithe inár dtiomantas do thionscadail miontráchtais fochéime agus oiliúint allamuigh agus saotharlainne dírithe ar mhodúil. 

Ó Mhárta na bliana seo, bhí orainn go léir dul i ngleic leis an teagasc agus foghlaim ar bhonn cianda, ach tá gá anois níos mó ná riamh a bheith i dteagmháil lena chéile go sóisialta agus cabhrú lena chéile, cibé bealach is féidir linn.  

Chuir Ionad an Léinn Éireannaigh cáipéis le chéile dar teideal ‘Na Leideanna is Fearr maidir le Cianfhoghlaim’ agus treoir maidir le ‘Béasaíocht ar Líne' ó chomhráite le comhghleacaithe agus le mic léinn ar na cláir BA, MA agus PhD i rith na bliana.

Leideanna maidir le Cianfhoghlaim

Béasaíocht ar Líne

Tuilleadh Eolais

Mic Léinn Idirnáisiúnta

Tá cáil dhomhanda bainte amach ag cláir na Scoile agus tá mic léinn tagtha chun na Scoile as an tSín, an Aetóip, an Ghearmáin, an Iodáil, an Chosaiv, an Mhaláiv, an Nigéir, an Iorua, an Rúis, Srí Lanca, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Vítneam.  

Tuilleadh Eolais