Ráiteas Príobháideachais do láithreán gréasáin agus Aip Ollscoil na Gaillimhe

Tá meas iomlán ag Ollscoil na Gaillimhe (an “Ollscoil”) ar do cheart príobháideachais agus glacann sí gach beart cuí chun príobháideacht aon fhaisnéise a roinntear leis an Ollscoil a chinntiú. Is í Ollscoil na Gaillimhe Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta mura luaitear a mhalairt. Aithníonn an Ollscoil go gcaithfidh a leithéid de phróiseáil Sonraí Pearsanta agus Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta ceanglais reachtaíochta infheidhmithe na hÉireann agus na hEorpa maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Is ionann Cosaint Sonraí agus cosaint cearta príobháideachais daoine aonair i ndáil le próiseáil Sonraí Pearsanta agus Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta. Leis an Acht, an Bille um Chosaint Sonraí na hÉireann, 2018 agus an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, 2016, tugtar cearta do dhaoine aonair agus cuirtear freagrachtaí ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a phróiseálann sonraí pearsanta. 

Cuspóir na Próiseála:

Déanann an Ollscoil Sonraí Pearsanta agus Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta (mar a shainítear an dá cheann acu in: https://gdpr-info.eu/art-4- gdpr/) maidir lena foireann, mic léinn, úsáideoirí seirbhíse agus daoine aonair eile a bhíonn i mbun teagmhála leis an Ollscoil nó a bhíonn i mbun gnó léi a fháil, a phróiseáil, a bhailiú, a úsáid, a nochtadh (nuair is ceadaithe de réir an dlí), agus a choinneáil. I measc na gcuspóirí atá ag próiseáil Sonraí Pearsanta agus Catagóirí Speisialta Sonraí Pearsanta, áirítear na cuspóirí atá leagtha amach i bPolasaithe agus Nósanna Imeachta na hOllscoile atá ar fáil ar láithreán gréasáin na hOllscoile, ag comhlíonadh fheidhmeanna agus oibleagáidí na hOllscoile faoi Acht na nOllscoileanna, 1997 (Féach http://www.irishstatutebook.ie/eli/1997/act/24/enacted/en/html), soláthar cúrsaí oideachais agus seirbhísí tacaíochta, eagrú agus riaradh cúrsaí, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde, earcú agus fostú foirne, comhlíonadh le dualgais reachtúla, tuairisciú do chomhlachtaí Rialtais, soláthar gníomhaíochtaí tráchtála, bainistiú gnóthaí airgeadais, fógraíocht agus cur chun cinn na hOllscoile, foilseacháin Ollscoile agus alumni a fhoilsiú, agus tiomsú airgid. Próiseálann an Ollscoil faisnéis phearsanta chomh maith trí chórais TCI a dhéanann monatóireacht ar íomhánna agus a bhailíonn iad chun críocha taighde, slándála agus chun coireacht a chosc agus a bhrath.

Faisnéis a Thugann an tÚsáideoir go Deonach:

Ní bhailíonn an Ollscoil aon fhaisnéis phearsanta ar an láithreán gréasáin seo gan do chead. Déileáiltear le gach faisnéis a thugtar go deonach ar fhoirmeacha ar líne mar fhaisnéis rúnda de réir reachtaíocht na hÉireann is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016. Úsáidfear faisnéis phearsanta a iarrtar ar fhoirmeacha ar líne chun na críche atá leagtha amach ar an bhfoirm ar líne.

Faisnéis a Fhaightear go Uathoibríoch:

Stórálann an córas méid beag faisnéise ceanntásca brabhsálaí go huathoibríoch chun staitisticí úsáide an láithreáin gréasáin a ghiniúint. Léann an láithreán gréasáin seoltaí IP chun úsáideoirí atá lonnaithe ar champas Ollscoil na Gaillimhe a aithint le go dtairgfear feidhmiúlacht inmheánach dóibh.  Beidh aon fhaisnéis theicniúil eile, má fhaigheann an córas go huathoibríoch é, le feiceáil go soiléir i mír réamhlíonta ar ár bhfoirmeacha ar líne.

Fianáin

Teastaíonn fianáin ó roinnt gnéithe de láithreán gréasáin agus aip Ollscoil na Gaillimhe le go n-oibreoidh siad i gceart.

Cad is fianáin ann?

Is ionann fianáin agus comhaid bheaga téacs a shábhálann an brabhsálaí ar do ríomhaire.  Déanann siad socruithe a stóráil nó stórálann siad aitheantóir (teaghrán litreacha agus uimhreacha), ar féidir leis an bhfreastalaí é a léamh gach uair a iarrann an brabhsálaí leathanach gréasáin.  Ligeann siad don fhreastalaí gréasáin fios a bheith aige an t-iompar atá uait uaidh (e.g. ná luchtaigh an bota comhrá) agus cuireann siad in iúl don fhreastalaí gur tú an t-úsáideoir céanna a logáil isteach ar an leathanach roimhe sin, mar shampla, (le nach n-iarrfaidh sé ort síniú isteach arís, ar an gcéad leathanach eile). Féadfar fianáin a úsáid chun faisnéis neamhphearsanta a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár láithreán gréasáin.

Mura bhfuil dáta éaga i bhfianán, tagraítear dó mar fhianán seisiúin sealadach. Stóráiltear fianáin sheisiúin shealadacha sa chuimhne agus ní scríobhtar chuig diosca go deo iad; nuair a dhúntar an brabhsálaí, cailltear an fianán go buan ón bpointe sin ar aghaidh. Is féidir fianáin sheisiúin shealadacha a úsáid i réimsí áirithe chun feidhmiúlacht shonrach a chumasú.

Má tá dáta éaga san fhianán, meastar gur fianán seasmhach é. Bainfear an fianán den diosca ach an dáta éaga sonraithe a bheith bainte amach. Is féidir fianáin sheasmhacha a úsáid chun cuimhneamh ar do shainroghanna (e.g. an méid téacs is fearr leat) an chéad uair eile a thugann tú cuairt. Mairfidh na fianáin seo ar do ríomhaire ar feadh líon sainiúil laethanta i ndiaidh cuairt a bheith tugtha agat ach níl sonraí príobháideacha ná íogaire iontu.

Conas a Úsáidimid Fianáin

Ní úsáidimid fianáin shealadacha ach amháin má tá siad riachtanach le go n-oibreoidh an láithreán. Ní bhíonn gá leo seo go hiondúil ach i réimsí den láithreán gréasáin inar gá duit logáil isteach.  

Bainimid úsáid freisin as na cineálacha fianáin sheasmhacha seo a leanas:

  • Bainimid úsáid as fianáin mar chuid de Google Analytics agus Hotjar, ar seirbhísí anailíse gréasáin iad a thugann léargas dúinn ar an gcaoi a mbaineann cuairteoirí úsáid as ár láithreán gréasáin.  I measc an fhaisnéis a sholáthraíonn Google Analytics áirítear líon na gcuairteoirí ar an láithreán; na leathanaigh, pointí iontrála agus pointí fágála is mó a mbíonn tóir orthu; meán-agaí lódála leathanaigh; na cineálacha brabhsálaithe atá á n-úsáid; agus líon na ngléasanna soghluaiste i gcomparáid le ríomhairí pearsanta.   Ligeann Hotjar dúinn a fheiceáil cad iad na codanna de leathanach is mó ar cliceáladh orthu.  Cabhraíonn an t-eolas seo linn ár láithreán gréasáin a fheabhsú.
    Seo a leanas do chuid fianán anailísíochta faoi láthair (agus a bhfuil stóráilte iontu):
    No analytics cookies in use
  • Stórálann fianáin do shainroghanna freisin (e.g. cibé acu fianáin Anailísíochta a cheadú nó gan iad a cheadú).
    Seo a leanas na fianáin atá roghnaithe agat faoi láthair (agus a bhfuil stóráilte iontu):
    No preference cookies in use
  • Ligeann fianáin mhargaíochta dúinn ár bhfógraí ar líne d’Ollscoil na Gaillimhe a rianú agus a bhainistiú.  Cabhraíonn siad linn a fheiceáil cé chomh maith agus a d’éirigh lenár bhfeachtais fógraíochta agus is féidir leo cabhrú linn freisin fógraí a dhíriú ort nuair atá tú ar láithreán ar a bhfógraímid (e.g. an chéad uair eile a mbeidh tú ar Facebook, d’fhéadfadh ár bhfianán fógraíochta é a chur ar an eolas gur thug tú cuairt ar ollscoilnagaillimhe.ie, agus ár bhfógra a thaispeáint ansin in ionad fógra aon Ollscoil eile).
    Seo a leanas do chuid fianán margaíochta i láthair na huaire (agus a bhfuil stóráilte iontu):
    No marketing cookies in use
  • Tá fianáin feidhmiúlachta ag teastáil le go n-oibreoidh sainghnéithe ar leith, cosúil le botaí comhrá. Chomh maith leis sin, más gá go gcuimhneodh an láithreán gréasáin ar shonraí ar leith a bhaineann leat, agus leat amháin, ach nach socrú tosaíochta é (e.g. suaitheantas digiteach), déanfar é a stóráil mar fhianán feidhmiúlachta.  D’fhéadfadh ábhar neadaithe ó na meáin shóisialta nó ó ardáin chomhroinnte físeán a éileamh go n-iompródh fianáin go hoptamach. 
    Seo a leanas do chuid fianán feidhmiúlachta faoi láthair (agus a bhfuil stóráilte iontu):
    No functionality cookies in use
  • Fianáin Riachtanacha: Úsáidimid 5 fhianán lena chinntiú go bhfuilimid comhlíontach le dlí an AE maidir le fianáin. Stórálann siad cibé ar shonraigh tú do roghanna maidir le toiliú fianán le 6 mhí anuas agus, má shonraigh, céard iad na roghanna sin.  Tá ár láithreán gréasáin á rith ag roinnt freastalaithe gréasáin agus bíonn fianáin ag teastáil ón gcothromóir ualaigh (a dhéanann bainistíocht ar cé acu de na freastalaithe sin a nascann tú leo) chun tú a nascadh leis an bhfreastalaí gréasáin céanna gach uair a iarrann tú leathanach gréasáin. 
    Seo a leanas do chuid fianán riachtanach faoi láthair (agus a bhfuil stóráilte iontu):
    No essential cookies in use

Do roghanna fianáin a shocrú


Is féidir leat do roghanna fianán (don láithreán gréasáin seo) a bhainistiú am ar bith.  Is féidir le húsáideoirí ríomhairí deisce freisin an bainisteoir fianán a ghairm ó leathanach ar bith ar an láithreán gréasáin trí Ctrl-M (PC) nó Command-M (Mac) a bhrú ar a méarchlár.  Beidh do roghanna fianán bailí ar feadh 6 mhí (an t-uasmhéid ama a cheadaítear faoi dhlí an AE).  Nuair an bheidh an tréimhse sin caite, iarrfaidh an láithreán gréasáin ort do roghanna fianán a shocrú arís.

Fianáin Tríú Páirtí

Tá roinnt fianán ar ár láithreán nach bhfuil aon bhaint acu leis an Ollscoil: mar shampla, fianán ar bith a ghineann ábhar neadaithe ó Facebook, Twitter nó YouTube. Níl aon smacht ag an Ollscoil ar fheidhmiú na bhfianán tríú páirtí seo, agus ní rialaíonn sí iad; moltar duit mar sin tuilleadh eolais a fháil ó na láithreáin ghréasáin atá i gceist maidir lena bpolasaithe fianán.

Murar thug tú toiliú d’fhianáin feidhmiúlachta, ní chuirfidh an láithreán gréasáin seo leis an leathanach iad agus, cé go ndéanfaidh sé iarracht, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh sé in ann i gcónaí cosc a chur ar ábhar neadaithe ó láithreáin ghréasáin eile (amhail Físeáin agus Fothaí Meán Sóisialta) a bheith curtha ar na leathanaigh go huathoibríoch.  Chomh maith leis sin, má chliceálann tú ar nasc chuig físeán ar an láithreán gréasáin seo, nó ar ghné meán sóisialta, d’fhéadfadh an t-ardán óstála físeán / meán sóisialta sin fianáin a chur le do ríomhaire chun an gníomh atá iarrtha agat a chur i gcrích.

Iarrfaidh na láithreáin tríú páirtí seo ort freisin do roghanna fianán a dhéanamh astu féin nuair a thugann tú cuairt orthu, ach má tá imní ort faoi fhianáin tríú páirtí, tá an rogha agat i gcónaí do bhrabhsálaí a chumrú le nach nglacfaidh sé leo.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi seo ag howtogeek.com.

Ní bhaineann Ollscoil na Gaillimhe úsáid as bogearraí mailíseacha, earraí spiaireachta ná bogearraí fógraíochta ar bhealach ar bith.

Bunús Dlí:

I gcás fhormhór na ngníomhaíochtaí arna leagan amach sa ráiteas seo, tugann Acht na nOllscoileanna, 1997, agus Cairt agus Reachtanna na hOllscoile údarás dlíthiúil don Ollscoil do shonraí pearsanta a phróiseáil nuair is gá sa chás go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach chun tasc a chur i gcrích, ar tasc é sin atá ar mhaithe le leas an phobail nó tasc atá á dhéanamh le linn d’údarás oifigiúil atá dílsithe san Ollscoil mar Rialaitheoir Sonraí a bheith á fheidhmiú. Tá an t-údarás ag an Ollscoil freisin na gníomhaíochtaí thuas a dhéanamh má éilítear iad chun conradh atá déanta leat a chomhlíonadh.  Má úsáideann tú seirbhísí roghnacha atá in aisce, is é an toiliú a thugann tú do na seirbhísí sin an bunús dlí, agus fút féin atá sé glacadh leo nó do thoiliú a tharraingt siar.

Slándáil:

Úsáideann Ollscoil na Gaillimhe gach beart cuí slándála, idir fhisiciúil agus teicniúil, chun rochtain neamhúdaraithe, athrú sonraí nó scriosadh sonraí a chosc. Déantar na bearta sin a athbhreithniú go rialta.

Nochtadh Faisnéise:

Ní nochtfaidh Ollscoil na Gaillimhe aon fhaisnéis phearsanta a fhaightear óna láithreán gréasáin d’aon tríú páirtí ach amháin de réir Pholasaí na hOllscoile agus an dlí infheidhme.

Eolas Teagmhála:

Is féidir aon cheist maidir le príobháideachas agus an láithreán gréasáin seo a sheoladh chuig info@nuigalway.ie

Do chearta:

Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do chuid faisnéise pearsanta, cur i gcoinne próiseáil do chuid faisnéise pearsanta, agus do chuid faisnéise pearsanta a cheartú, a scriosadh, a shrianadh agus a aistriú. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar: 

(1)  http://gdprandyou.ie/

(2)  https://www.dataprotection.ie/docs/Home/4.htm

Ba cheart aon iarrataí nó agóidí a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifigeach Cosanta Sonraí na hOllscoile:

An tOifigeach Cosanta Sonraí, 
Ollscoil na Gaillimhe, Seomra A129, 
An Chearnóg, 
Ollscoil na Gaillimhe, 
Bóthar na hOllscoile, 
Gaillimh

Ríomhphost: dataprotection@universityofgalway.ie

Conas gearán a dhéanamh:

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach ar próiseáladh do shonraí pearsanta, féadfaidh tú dul i dteagmháil, ar an gcéad dul síos, le hOifigeach Cosanta Sonraí na hOllscoile ag baint úsáid as na sonraí teagmhála thuas.

Má tá tú míshásta i gcónaí, tá sé de cheart agat iarraidh go díreach ar an gCoimisinéir Cosanta Sonraí cinneadh a dhéanamh. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag: -

Fón

+353 57 8684800

+353 (0)761 104 800 

 

Uimhir Íosghlao

1890 252 231

 

Facs

+353 57 868 4757

 

R-phost

info@dataprotection.ie

 

Seoladh Poist

An Coimisinéir Cosanta Sonraí
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
R32 AP23 Co. Laoise