Fógairt Poist Taighde

Chun post mar Chúntóir Taighde, mar Thaighdeoir Iardhochtúireachta nó mar Chomhlach Taighde a fhógairt, ní mór duit d’iarratas a sheoladh chuig hrresearch@universityofgalway.ie 3 seachtaine roimh na dátaí fógartha sceidealaithe agus ‘Advertising Request’ sa líne ábhair agat. (Tabhair do d’aire, déantar ríomhphoist chuig an seoladh ríomhphoist seo a scagadh go huathoibríoch de réir ábhair. Mura bhfuil an cineál iarratais sonraithe i gceart agat sa líne ábhair, d’fhéadfaí moill a chur ar a phróiseáil).

Ní mór na rudaí seo a leanas a bheith i d’iarratas:

  • Cóip den fhógra beartaithe, ag úsáid an teimpléid Fógraíochta Teimpléad d’Fhógra Taighde
  • Foirm Iarratais ar Fhógraíocht,‌ agus í comhlánaithe.
  • Tá sé de fhreagracht ar an bPríomhthaighdeoir a chinntiú go bhfuil dóthain airgid ar fáil don phost agus é á fhógairt. Is féidir an t-eolas seo a fháil ón mbuiséad taighde.

*Note: Please note for a Postdoctoral Researcher/Research Associate post, should you wish to consider candidates that have submitted their thesis and awaiting viva either prior to shortlisting or prior to start date, please ensure this is mentioned clearly in the essential requirement piece of your advert to ensure HR can accommodate same.

User Guide for Interview Board Members: Core Portal

Gearrliostú le haghaidh Poist Taighde – Ollscoil na Gaillimhe

Agallaimh le haghaidh Poist Taighde – Ollscoil na Gaillimhe*

*Nóta: Tá treoracha maidir le PPF a líonadh le fáil ag bun leathanach gréasáin na nAgallamh.

Ní mór don Fhoirm Togra Poist (PPF) a bheith faofa ag Oifig na gCuntas Taighde 6 seachtaine (ar a laghad) roimh an dáta a dtosóidh an conradh chun dóthain ama a fhágáil chun comhlíonadh a sheiceáil, sonraí a phróiseáil agus víosaí a fháil (nuair is gá). Tabhair do d’aire go gcaithfear 4 seachtaine breise a fhágáil chun Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh má bhaineann sé leis an ról. 

Ní féidir conradh a eisiúint chuig an iarrthóir rathúil mura bhfuil PPF faofa, agus ainm an iarrthóra air, faighte againn. 

Researcher Advertisement Template

Advertising Request Form (ARF)