-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Seirbhísí Glantacháin
Glanadh Champas Ollscoil na Gaillimhe le linn Thréimhse Athoscailte Covid-19
De réir na moltaí sláinte poiblí, tá an Ollscoil ag tabhairt faoi bhearta chun scaipeadh COVID-19 i measc an phobail a chosc, lena n-áirítear nósanna imeachta glantacháin agus díghalraithe breise atá á bhforbairt ag Foirgnimh & Eastáit.
Prótacail Ghlantacháin Bhreise
1. Limistéir phoiblí agus Spásanna Oscailte – Prótacal do Phointí Tadhaill
Is eol dúinn go bhfuil baol ann maidir le scaipeadh víreasach i gcás pointí tadhaill cosúil le hanlaí doirse, brú doirse, ráillí láimhe, cnaipí etc. mar go mbíonn siad in úsáid ag go leor daoine go laethúil. Forbraíodh prótacal do phointí tadhaill chun scaipeadh Covid-19 de bharr úsáid dromchlaí a laghdú, bíodh sin fisiciúil nó tarchurtha ar an dromchla tríd an aer trí chasacht nó sraothartach. Déantar na dromchlaí seo go léir a ghlanadh uair amháin sa lá ar a laghad. Úsáidfear ceimiceáin ghlantacháin a bhfuil rátáil EN14476 acu ar na dromchlaí sin chun a chinntiú go mbainfear aon rian den Covid-19.
2. Ionaid Teagaisc (Léachtlanna, Seomraí Ranga, Ríomhlanna etc.)
Cuirfear buicéid mhóra de chiarsúir dhíghalraithe ar fáil atá oiriúnach lena n-úsáid ar lámha agus ar dhromchlaí i ngach ionad teagaisc. Caithfidh gach comhalta foirne agus mac léinn dhá chiarsúr a thógáil agus iad ag dul isteach san ionad.
Ar an gcéad dul síos, bain úsáid as ciarsúr amháin chun dromchla do stáisiúin oibre/deisce/méarchláir/luchóige etc. a ghlanadh agus ansin bain úsáid as an dara ceann chun do lámha a dhíghalrú. Ar deireadh, cuir an dá chiarsúr sna boscaí bruscair atá ar fáil san ionad. Tá sé thar a bheith tábhachtach na ciarsúir a d'úsáid tú a dhiúscairt go cuí ionas nach mbeidh na hionaid teagaisc lán le ciarsúir.
3. Díghalrán Lámh
Tá dáileoirí díghalráin lámh suiteáilte sna príomhláithreacha i ngach foirgnimh agus déanann conraitheoirí na seirbhíse glantacháin agus an fhoireann Foirgneamh agus Eastát iad a sheiceáil go rialta. Is féidir iad seo a aithint leis an ngreamán in aice leis an dáileoir ar a bhfuil eolas teagmhála na Deisce Cabhraí sa chás go dtabharfaidh daoine faoi deara go bhfuil siad folamh nó briste.
Roghnaigh roinnt aonad a gcuid dáileoirí díghalráin lámh féin a fháil, a shuiteáil agus a sheirbhísiú don fhoireann agus do mhic léinn atá lonnaithe ina n-ionaid oibre. Níl an greamán Foirgneamh & Eastát orthu seo agus ní dhéanaimid iad a sheirbhísiú.
4. Glanadh na nOifigí
Ba cheart do gach fostaí deasc ghlan a choinneáil chun go mbeifear in ann dromchlaí oibre a ghlanadh go críochnúil. Ba chóir d’fhostaithe a limistéir oibre phearsanta agus na nithe a mbíonn in úsáid go minic acu a ghlanadh go rialta le ciarsúir dhíghalraithe (i.e., stáisiúin oibre/deasca, méarchláir agus gutháin). Mura bhfuil do dheasc glan, ní dhéanfaidh na glantóirí iarracht é a ghlanadh.
Baineann baol le Printéirí/Innill Fótachóipeála Roinnte in oifig, toisc go mbíonn go leor daoine á n-úsáid ar bhonn laethúil. Ba cheart do gach aonad cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is oiriúnaí chun rioscaí den sórt sin a laghdú lena n-áirítear cleachtais maidir le pointí tadhaill a dhíghalrú, líon foirne a bhaineann úsáid as an gcineál seo trealaimh a laghdú.
5. Sciúradh Iomlán tar éis cás amhrasta Covid-19
Má tá toradh dearfach Covid-19 faighte ag Comhalta Foirne/Mac Léinn/Cuairteoir ar an lá a mbeidh siad ar an gcampas, socróidh Foirgnimh & Eastáit dúnadh na spásanna ina raibh an duine sin ar an gcampas an lá sin. Déanfaidh Foirgnimh & Eastáit glanadh agus díghalrú críochnúil a shocrú sna spásanna seo an lá sin nó an mhaidin dár gcionn.
Déan teagmháil linn ar deepclean@universityofgalway.ie ag sonrú
(1) gach áit nó ionad ina raibh an duine le déanaí agus
(2) an dáta agus an t-am a bhí sé/sí ansin go deireanach
Tabhair faoi deara: úsáidtear an seoladh rphoist seo chun sciúradh iomlán a thuairisciú agus a iarraidh mar gheall ar thoradh dearfach Covid-19 amháin agus ní chun glantachán ginearálta a iarraidh ar an gcampas.
Ba chóir iarratais ar ghlanadh ginearálta ar an gcampas a sheoladh chuig Deasc Chabhrach Foirgneamh & Eastát buildingsandestates@universityofgalway.ie
6. Glanadh Cistineacha/Cistinéad
Is iad na haonaid féin atá freagrach as a gcistineacha agus cistinéid féin ar an gcampas agus féadfar iad a úsáid ar an gcoinníoll go gcuirtear bearta glantacháin agus díghalraithe cuí i bhfeidhm agus go ndéantar monatóireacht orthu.
Tabhair faoi deara: Ní shocraíonn Foirgnimh & Eastáit glanadh na n-áiseanna seo mar go ndéanann gach aonad a gcuid socruithe féin a bhainistiú go díreach.