-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Earcú Comhaltaí Foirne Taighde
Please note we are running the following information sessions to provide hiring managers and PI's with information on our recruitment processes and the expectations of their roles in supporting their research staff. Registration is done via Core Portal
|
---|
Tabhair na nithe a leanas faoi deara sula leagtar iarratas isteach chuig AD
- Leibhéal Taighdeora: Déan cinnte go bhfreagraíonn na dualgais/inniúlachtaí i d’fhógra leis an leibhéal cuí ar chreat na nInniúlachtaí Taighdeora (nasc) agus leis an Raon Tuarastail cuí (nasc)
- Iarrthóirí atá ag Athlonnú: Caithfimid dóthain ama a thabhairt d’iarrthóirí atá ag athlonnú. Tá sé deacair treoir ghinearálta a thabhairt, ach moltar na tréimhsí fógartha a leanas a thabhairt don Oifig AD agus daoine as tíortha eile á n-earcú agat:
- Saoránaigh de chuid na hÉireann – 6 seachtaine, Saoránaigh AE – 8-10 seachtaine, agus saoránaigh Neamh-LEE – 12-16 seachtaine (ónár dtaithí féin, cuirtear moill ar iarrthóirí Neamh-LEE uaireanta víosaí a fháil agus cuntais bhainc a oscailt).
- Fógairt Poist Taighde: Ní mór do cháipéisí earcaíochta a bheith leagtha isteach 3 seachtaine roimh an dáta fógartha sceidealaithe chun cloí le spriocdhátaí fógartha (Dátaí Fógartha – Ollscoil na Gaillimhe). Cliceáil ar an nasc thíos (bosca íomhá) chun eolas a fháil maidir le hiarratais a leagan isteach.
- Conarthaí Neamh-inathnuaite (<6 Mhí): Caithfidh an PPF a bheith faofa (féach an t-eolas thíos) sula leagtar an fhoirm ar líne isteach chuig an Oifig AD. Ní mór iarratais a chur isteach 6 seachtaine roimh an dáta a dtosóidh an conradh chun dóthain ama a fhágáil le haghaidh faomhadh airgeadais, comhlíonadh a sheiceáil, sonraí a phróiseáil agus víosaí a fháil (nuair is gá). Tabhair do d’aire go gcaithfear 4 seachtaine breise a fhágáil chun Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a dhéanamh má bhaineann sé leis an ról. Tá nasc don fhoirm ar líne le fáil sa bhosca íomhá thíos.
Earcú Taighdeoirí
Tá tiomantas don phrionsabal seo, an ceapachán ar bhonn fiúntais, léirithe i bPolasaí Comhdheiseanna na hOllscoile.
Is iondúil gur conarthaí ar théarma socraithe a bhíonn i gceist le poist atá maoinithe ag deontais agus ag gníomhaireachtaí maoinithe seachtracha. Aithníonn an Ollscoil go gcaithfidh aonaid taighde a bheith in ann comhaltaí foirne taighde a earcú a chaoithiúla agus is féidir, agus, ag an am céanna, cloí le dea-chleachtas earcaíochta agus roghnúcháin agus feidhmiú i gcomhréir leis an reachtaíocht. Tabharfaidh an Oifig AD cúnamh agus comhairle do chomhaltaí foirne in Aonaid Taighde/Scoileanna/Coláistí i dtaca le hearcaíocht comhaltaí foirne taighde a bhainistiú. Ní mór gach tairiscint ar fhostaíocht le hOllscoil na Gaillimhe a bheith próiseáilte ag an Oifig AD.