Bí páirteach ann

Láithreán Gréasáin na gCumann

Lá na gCumann 

  • Bíonn Lá na gCumann ar siúl ag tús na bliana acadúla agus beidh an deis agat eolas a fháil faoi na cumainn agus clárú leo

Oifig na gCumann (SocsBox)

  • Buail isteach chuig an Oifig má bhíonn aon cheist nó aon mholadh agat faoi na cumainn.
  • Teileafón: +353 (0)91 492852
  • Ríomhphost: socsbox@socs.nuigalway.ie

Stóras Gréasáin na gCumann

 

Is féidir Cumainn na Mac Léinn a roinnt i gcúpla catagóir. Taobh istigh de na catagóirí seo, tá cumainn a bhaineann le hábhair, spéiseanna agus caitheamh aimsire den uile chineál

Na Cumainn Acadúla

Tá réimse leathan cumann nasctha le scoileanna éagsúla áit a bhfuil neart eolais le fáil faoi na hábhair ar leith, deis casadh le mic léinn agus le comhaltaí foirne ón léann sin agus deis a bheith páirteach in imeachtaí sóisialta chomh maith leis an mBál Bliantúil.
An liosta: Seandálaíocht, Réalteolaíocht, Bithleigheas, Luibheolaíocht, Gnó, CCAFS, Ceimic, na Clasaicí, Cumann Staire, Fuinneamh, Innealtóireacht, Airgeadas, Fraincis, Tíreolaíocht, Eolaíochtaí Domhain agus Aigéin na Gaillimhe, Gearmáinis, Easpáinnis, Iodáilis, Iriseoireacht, Dlí, Matamaitic, Muirí, Leigheas, Micribhitheolaíocht, Néara, Teiripe Shaothair, Fisic, Síceolaíocht, Síciatracht, Urlabhra & Teanga, Máinliacht, Zó-eolaíocht. Féach a gcuid próifílí anseo.

Na Cumainn Ealaíonta agus Aithriseoireachta

Tá cáil ar chathair na Gaillimhe as a saol bríomhar sóisialta agus ealaíonta. Is féidir leat blaiseadh a fháil den traidisiún seo agus bheith páirteach sna cumainn ealaíonta agus aithriseoireachta cosúil le hEalaíon, Cóir, Coiméide, Damhsa, DJ, Drámaíocht, Scannánaíocht, Lámhchleasaíocht, Ceol, Ceoldrámaíocht, Ceolfhoireann, Grianghrafadóireacht, Raidió, Rac, Traidisiúnta, Scríbhneoireacht. Féach a gcuid próifílí anseo.

Stíl mhaireachtála agus Folláine

Tá cumainn againn chomh maith a chuireann gníomhaíocht choirp agus stíl mhaith mhaireachtála chun cinn cosúil le Lámhach Aeir, Bácáil, Rothaíocht, Gárthach mholta, Neamheaglach, Madraí, Loiteog, Garraíodóireacht Orgánach, Ruagairí Reatha, Scátáil, Sláinte, Sóbráilte, Mic Léinn ar son Comhionannas Sláinte, Stíl, Zen. Féach a gcuid próifílí anseo.

Gníomhú Sóisialta agus Polaitíocht

Téigh i mbun polaitíochta nó díospóireachta nó má tá cúis ar d’intinn in OÉ Gaillimh: bí cinnte go bhfuil cumann ann a fheileann duit. Déan do rogha: Cumann Amnesty, Rogha, Cumann de Barra (Fianna Fáil), Éiceolaíocht, Feimineach, Saol, Misneach, Ógra Sinn Féin, Comhbhá leis an bPalaistín, Shoutout, Daonlathaithe Sóisialta, SSDP, Ógra Fine Gael. Féach a gcuid próifílí anseo.

Sóisialta agus Cultúrtha

Déanann cuid de na cumainn ceiliúradh ar ilchineálacht agus ar chultúr ár gcampais, ina measc: Afra-Chairibeach, Síneach, Cumann Gaelach, Fiontraíocht, Líonra na Mac Léinn Erasmus, GIG (Aerach, Leispiach, Déghnéasach & Trasinscneach), an India, Cumann na Mac Léinn Idirnáisiúnta, Litríocht agus Díospóireacht, Malaeisiach, Mic Léinn Lánfhásta. Féach a gcuid próifílí anseo.

Cumainn Sainspéise

Sainspéiseanna na mac léinn a bhíonn ar intinn ag roinnt cumann cosúil le Peil Mheiriceánach, Anime & Manga, Ficheall, Greannáin, Ríomhaireacht, Fantaise & Ficsean Eolaíochta, Fifa, Peil Boird, Game of Thrones, Pócar, Potter, Raidió-Rialaithe, Time Lord, Victeoiriach, Físchluichí. Féach a gcuid próifílí anseo.

Féadfaidh tú logáil isteach le d’uimhir agus do phasfhocal agus clárú ar cheann ar bith díbh anseo.

Tá an t-eolas iomlán maidir leis na cumainn le fáil ar a láithreán gréasáin féin anseo.

Cumainn na Mac Léinn

Cumainn na Mac Léinn

 

Tá breis is 115 cumann do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe. Tapaigh do dheis casadh le daoine nua a bhfuil na spéiseanna céanna acu leat féin, bain triail as rudaí nua agus bain taitneamh as.

Láithreán Gréasáin na gCumann

Bí páirteach ann

 

Láithreán Gréasáin na gCumann

Lá na gCumann

  • Bíonn Lá na gCumann ar siúl ag tús na bliana acadúla agus beidh an deis agat eolas a fháil faoi na cumainn agus clárú leo. 

Oifig na gCumann (SocsBox)

  • Buail isteach chuig an Oifig má bhíonn aon cheist nó aon mholadh agat faoi na cumainn.