Fáilte chuig Seirbhísí do Mhic Léinn

Tá Seirbhísí do Mhic Léinn in ann cuidiú leat an tairbhe is mó a bhaint as do thréimhse san ollscoil. Tá an fhoireann oilte agus neart scileanna acu chun tacú leat, le d’fholláine agus d’fhorbairt ó thaobh gach gné de do shaol acadúil, pearsanta agus gairmiúil.  

Má tá tacaíocht uait ná bíodh drogall ort bleid a bhualadh orainn in Ionad Fiosrúchán na Mac Léinn ar an tSlí Dála. Is fusa ríomhphost a sheoladh chuig sec@universityofgalway.ie, nó labhairt le Cara, an cúntóir fíorúil ar an deilbhín thíos, nó caith do shúil ar an Roth Tacaíochta chun fios do bhealaigh a dhéanamh amach. 

Léigh leat anseo chun foghlaim faoi na seirbhísí agus an tacaíocht atá ar fáil bunaithe ar do chuid riachtanas. 

An chloch is mó ar ár bpaidrín do thacaíocht, d’fhorbairt agus do rath.