Eolas do mhic léinn faoi sheomra a chur in áirithe

Nósanna Imeachta & Rialacha

Caithfear cloí leis na nósanna imeachta agus rialacha seo a leanas maidir le Clubanna agus Cumainn a chuireann seomraí in áirithe:

  1. Ba chóir do gach Club/Cumann duine amháin a ainmniú chun seomraí a chur in áirithe/a dheimhniú le Foirgnimh & Eastáit
  2. I gcás go bhfuiltear ag tabhairt fógra don fhoireann Cothabhála atá ag Foirgnimh & Eastáit (Lucht Slándála, etc.) faoi mhórchuid imeachtaí, ní mór fógra sásúil a thabhairt maidir leis na himeachtaí sin. Sa tasc riaracháin seo, caithfear fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt roimh gach imeacht. I gcás áirithintí a mbaineann fógra gearr leo, d’fhéadfadh nach mbeadh fáil ar sheomraí agus go mbeadh deacrachtaí ag baint le fógra a thabhairt don fhoireann ar fad a dhéanann seirbhísiú ar na seomraí, agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé sin isteach ar an imeacht.
  3. Ní dhéantar seomra a dheimhniú go dtí go mbíonn an t-iarratas ceadaithe agus an láthair deimhnithe ag Foirgnimh & Eastáit. De ghnáth déantar é seo chomh sciobtha agus is féidir tar éis an t-iarratas a fháil. Níor cheart fógraíocht a dhéanamh go mbeidh toradh an iarratais faighte. 
  4. Nuair a dheimhníonn Foirgnimh & Eastáit seomra, caithfear cloí leis na coinníollacha/rialacháin seo a leanas: 
  • Cosc ar róphlódú i seomra.
  • Ní cheadaítear aon bhealach éalaithe ná aon bhealach éalaithe éigeandála amach nó isteach ó halla nó seomra tionóil a chur faoi ghlas ná a bhlocáil.
  • De réir an Achta Sláinte Poiblí (Tobac), 2002 agus an Achta Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2004, tá cosc ar chaitheamh tobac i ngach foirgneamh de chuid na hOllscoile. Tuilleadh eolais i bPolasaí Srianta Caitheamh Tobac na hOllscoile.
  • Ní cheadaítear bia a ithe/deoch a ól i gceann ar bith de na Léachtlanna/Seomraí Ranga.
  • Ní bhainfear mí-úsáid as cathaoireacha, boird ná troscán eile sa seomra agus ní aistreofar idir seomraí iad.
  • Ní mór gach imeacht a riar ar bhealach eagraithe agus freagrach.
  • Ag deireadh na himeachta, ní mór an seomra a fhágáil i riocht néata agus in ord agus in eagar do léachtaí na maidine. Ba chóir an clár dubh a ghlanadh, soilse a mhúchadh agus an doras a dhúnadh.
  • De réir an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981, ní mór d’eagraithe imeachtaí a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais coiscthe dóiteáin agus go gcuirtear nósanna imeachta dóiteáin Ollscoil na Gaillimhe in iúl dóibh siúd a bhíonn i láthair ag tús na himeachta.
  • De réir an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 agus rialacháin ghaolmhara, ní mór d’eagraithe imeachtaí sábháilteacht gach socruithe a chinntiú e.g. go bhfuil aon trealamh leictreach a úsáidtear sábháilte..
  • Ní mór aon fhadhbanna nó fabhtanna a thugtar faoi deara ar an láthair a chur in iúl go díreach d’Fhoirgnimh & Eastáit.

Féadfar coinníollacha eile a chur leo seo de réir mar is gá agus ag brath ar chineál na himeachta.